TG4 | Sceideal Spóirt | Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile Skip to main content

Sceideal

Sport Schedule

  • World Cup Gold
    World Cup Gold
    Dé hAoine, 5 Meitheamh, 19:30

    Seod ón gCartlann Spóirt. Is é cluiche na hÉireann v An Iodáil le linn Chorn an Domhain 1994 a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Bhí scoth na bpeileadóirí ar fhoireann Jack Charlton, leithéid Roy Keane, Packie Bonner, Ray Houghton, Denis Irwin, Paul McGrath, Niall Quinn agus Steve Staunton. 75,338 duine a bhí i láthair sa Giants Stadium in New Jersey le fir Arrigo Sacchi a fheiceáil in éadan fhir na hÉireann. Bhí leithéid Paolo Maldini, Franco Baresi, Roberto Baggio agus Roberto Donadoni ag imirt ar fhoireann na hIodáile.

  • Comórtas Peile 1996 - Súil Siar (OS & TS)
    Comórtas Peile 1996 - Súil Siar (OS & TS)
    Dé Sathairn, 6 Meitheamh, 10:05

    Buaicphointí na gcluichí ab fhearr a imríodh i gComórtas Peile na Gaeltachta a bhí ar siúl i mBaile Bhuirne i mí an Mheithimh, 1996. Ba é seo an ceathrú uair ag cumann Naomh Abán an comórtas a reáchtáil tar éis dó a bheith ar siúl sa cheantar sna blianta 1971, 1974 agus 1979.

  • Comórtas Peile 1997 - Súil Siar (OS & TS)
    Comórtas Peile 1997 - Súil Siar (OS & TS)
    Dé Sathairn, 6 Meitheamh, 11:05

    Buaicphointí na gcluichí ab fhearr a imríodh i gComórtas Peile na Gaeltachta a bhí ar siúl ar an gCeathrú Rua i mí an Mheithimh, 1997. Ba é seo an ceathrú uair ag CLG na Cheathrún Rua an comórtas a reáchtáil ar Pháirc an Chathánaigh tar éis dó a bheith ar siúl sa cheantar sna blianta 1973, 1976 agus 1988.

  • Rugbaí Gold
    Rugbaí Gold
    Dé Sathairn, 6 Meitheamh, 19:15

    Súil siar ar chluiche ceathrú ceannais Chorn Heineken 2012 idir Cúige Mumhan agus Uladh a imríodh ar Pháirc Thuamhan. Bhí Cúige Mumhan ag súil le cluiche éasca eile ar nós an chluiche a bhí acu i gcoinne Northampton Saints i mí Eanáir agus ó tharla Stephen Ferris ar ais ar an bhfoireann tháinig na hUltaigh ó dheas le pointe a dhéanamh.

  • All Ireland Gold (TS)
    All Ireland Gold (TS)
    Dé Domhnaigh, 7 Meitheamh, 14:25

    Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann 1980 idir Ciarraí agus Uíbh Fhailí. Tús na hiomaíochta idir an dá chontae seo sna luath 80idí. Bhí Ciarraí ar tí cáil a bhaint amach mar cheann de na foirne ab fhearr riamh agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan don tríú huair as a chéile. Ba é seo an chéad uair le roinnt blianta ag Uíbh Fhailí Craobh Laighean a thabhairt leo i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath i gCluiche Ceannais Laighean.

  • All Ireland Gold (TS)
    All Ireland Gold (TS)
    Dé Domhnaigh, 7 Meitheamh, 16:00

    Deis eile Cluiche Ceannais Iomána 2018 idir Luimneach agus Gaillimh a fheiceáil. 82,300 duine a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh an lá sin. Ba iad Gaillimh curaithe 2017 agus bhí súil acu an chraobh a thabhairt leo don séú huair. Bhí foireann Luimnigh, faoi stiúir John Kiely, ag tabhairt aghaidh ar a gcéad chluiche ceannais craoibhe le hos cionn deich mbliana agus bhí breis is dhá scór bliain caite ó bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1973. Thug Gaillimh agus Luimneach aghaidh ar a chéile sa gcluiche ceannais i 1923 agus 1980 ach bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh an dá lá sin.

  • Cluichí na Bliana
    Cluichí na Bliana
    Dé Luain, 8 Meitheamh, 20:00

    Deis eile Cluiche Cáilithe Chraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann 2017 idir Maigh Eo agus Doire ar Pháirc Mhic Éill, Caisleán an Bharraigh a fheiceáil.

  • World Cup Gold
    World Cup Gold
    Dé hAoine, 12 Meitheamh, 19:30

    Seod ón gCartlann Spóirt. Is é cluiche na Spáinne v Tuaisceart Éireann le linn Chorn an Domhain 1982 a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Ba sa Spáinn a bhí an comórtas ar siúl an bhliain úd agus imríodh an cluiche seo in Estadio Luis Casanova in Valencia. Bhí scoth na bpeileadóirí ar fhoireann Billy Bingham, leithéid Pat Jennings, Norman Whiteside, Mal Donaghy agus Martin O'Neill ina chaptaen. B'éigean do Thuaisceart Éireann buachan nó comhscór 2-2 nó níos fearr a bhaint amach le dul ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile den chomórtas.

  • On The Limit Sports
    On The Limit Sports
    Dé Sathairn, 13 Meitheamh, 10:35

    An t-aicsean is fearr ó chúrsa Railí na hÉireann in 2019.

  • Comórtas Peile 1998 -Súil Siar (OS & TS)
    Comórtas Peile 1998 -Súil Siar (OS & TS)
    Dé Sathairn, 13 Meitheamh, 11:05

    Buaicphointí na gcluichí ab fhearr a imríodh i gComórtas Peile na Gaeltachta a bhí ar siúl ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall i mí an Mheithimh, 1998 agus á reáchtáil ag an gcumann áitiúil CLG Chloich Cheann Fhaola. Deireadh seachtaine stairiúil a bhí ann mar gurb é seo an chéad uair an Comórtas a bheith á reáchtáil ar Pháirc Naomh Fhionnáin ag CLG Chloich Cheann Fhaola.

  • Rugbaí Gold
    Rugbaí Gold
    Dé Sathairn, 13 Meitheamh, 19:15

    Is iomaí lá mór agus cluiche a imríodh i bPáirc Thuamhan agus ceann de na cluichí a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine é cluiche Chorn Heineken 2011 idir Cúige Mumhan agus Northampton Saints. An-chluiche go deo a bhí ann agus ba iomaí cor agus casadh a bhí sa scéal.

  • All Ireland Gold (TS)
    All Ireland Gold (TS)
    Dé Domhnaigh, 14 Meitheamh, 14:35

    Deis eile Aontroim V Uíbh Fhailí a fheiceáil i gCluiche Leathcheannais Chraobh Sinsear Iomána na hÉireann 1989 ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí an cluiche seo ar cheann de na cluichí ba mhó san iománaíocht sna hochtóidí. Bhí Cill Chainnigh buailte ag Uíbh Fhailí i gCraobh Laighean agus thug aghaidh ansin ar Aontroim, a raibh Craobh Uladh sciobtha acu ó Chontae an Dúin. Bhí súil ag Jim Nelson, bainisteoir Aontroma, agus a fhoireann Cluiche Ceannais Chraobh na hÉireann a bhaint amach den chéad uair le 46 bliain le himreoirí mar Terence McNaughton, Olcan McFetridge agus an captaen Ciarán Barr.

  • All Ireland Gold (TS)
    All Ireland Gold (TS)
    Dé Domhnaigh, 14 Meitheamh, 16:00

    An t-aicsean ar fad idir Áth Cliath v Maigh Eo i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Peile na hÉireann 2017 ar Pháirc an Chrócaigh. Ba é seo an ceathrú babhta ar casadh an dá chontae seo ar a chéile sa chluiche ceannais - d'imir siad a chéile cheana i 1921, 2013 agus in 2016. Bhí foireann Átha Cliath faoi stiúir Jim Gavin ag súil Craobh na hÉireann a thabhairt leo den tríú huair as a chéile fad is a bhí Maigh Eo, faoi bhainistíocht Stephen Rochford ag dréim Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 1951.

  • GAA GOLD
    GAA GOLD
    Dé Domhnaigh, 14 Meitheamh, 17:40

    An chéad chlár den tsraith. Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na heachtraí móra a thit amach le linn na bliana 1980 ó Chluiche Ceannais na Sraithe Peile Náisiúnta i mí Aibreáin go Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i mí Mheán Fómhair.

  • GAA GOLD
    GAA GOLD
    Dé Luain, 15 Meitheamh, 20:30

    An chéad chlár den tsraith. Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na heachtraí móra a thit amach le linn na bliana 1980 ó Chluiche Ceannais na Sraithe Peile Náisiúnta i mí Aibreáin go Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i mí Mheán Fómhair.