Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Vóta 2020 - Pobalbhreith TG4 / Ipsos MRBI Gaillimh Thiar

28.01.20

Na Daonlathaithe Sóisialta agus Comhaontas Glas i gcoimhlint lena chéile chun suíocháin a thabhairt leo i nGaillimh Thiar, Dáilcheantar ina bhfuil 5 shuíochán

 
Léirítear i dtorthaí phobalbhreith dáilcheantair TG4/Ipsos MRBI don chlár ‘Vóta 2020’ go bhféadfadh sé a bheith ina choimhlint ghéar i nGaillimh Thiar. Tá cúigear Teachtaí Dála reatha chomh maith le cúigear iarrthóirí eile nó mar sin san iomaíocht agus súil acu suíochán a bhaint amach.   17% an cuóta i nGaillimh Thiar agus de réir na pobalbhreithe seo, ní bheidh dóthain vótaí céadrogha ag aon duine de na hiarrthóirí chun an cuóta a bhaint amach. Beidh sé ina sciob sceab mar sin idir na hiarrthóirí don chúig shuíochán.

Chuathas i mbun phobalbhreith TG4/Ipsos MRBI ar shampla 525 duine fásta a bhí 18 mbliana déag d’aois agus níos sine.  Rinneadh na hagallaimh an 24 agus 26 Eanáir

 

 

Tacaíocht na bPáirtithe i nGaillimh Thiar (Vóta Uimhir 1)

  Páirtí PB ’20 OT ’16
Hildegarde NAUGHTON Fine Gael 13% 7%
Éamon Ó CUÍV Fianna Fáil 12% 15%
Niall Ó TUATHAIL Na Daonlathaithe Sóisialta 12% 5%
Pauline O’REILLY Comhaontas Glas 10%  
Seán KYNE Fine Gael 10% 10%
Catherine CONNOLLY Neamhspleách 9% 8%
Ollie CROWE Fianna Fáil 8%  
Noel GREALISH Neamhspleách 7% 11%
Mairéad FARRELL Sinn Féin 7%  
Níall McNELIS Lucht Oibre 5%  
Mike CUBBARD Neamhspleách 3% 3%
Joe LOUGHNANE Dlúthpháirtíocht Pobal Roimh Bhrabús 2%  
Cormac Ó CORCORÁIN Aontú 1%  

 

 

 

Tacaíocht na bPáirtithe i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar (Vóta Uimhir 1)

  PB ’20 OT ’16
Fine Gael 23% 24%
Fianna Fáil 20% 24%
Sinn Féin 7% 9%
Lucht Oibre 5% 5%
Na Daonlathaithe Sóisialta 12% 5%
Comhaontas Glas 10% 2%
Neamhspleách/Eile 22% 30%

 

 

Bíonn iomaíocht mhór i gcónaí i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar.  Ba ar Chomhaireamh 9 a toghadh an chéad TD i nGaillimh Thiar in 2016, agus ba ar Chomhaireamh 13 a toghadh an chéad iarrthóir eile.   Ó 2016, tá athrú beag déanta arís ar theorainneacha an dáilcheantair. Tá roinnt ceantar aistrithe chuig Gaillimh Thoir agus tá roinnt ceantar i Maigh Eo aistrithe ar ais go Maigh Eo.  15 ainm atá ar an mballóid an uair seo agus beidh iomaíocht níos géire ann do na suíocháin.  Mar a bhíonn de ghnáth, beidh na vótaí aistrithe ríthábhachtach.

Nuair a fhéachtar ar thacaíocht na bpáirtithe bunaithe ar thacaíocht na n-iarrthóirí na bpáirtithe sin a thabhairt le chéile, sáraíonn Fine Gael (le 23%) agus Fianna Fáil (le 20%) cuóta amháin, agus mar sin is dócha go n-éireoidh leis an dá pháirtí sin suíochán amháin ar a laghad a bhaint amach. Tá iarrthóirí a bhfuil eolas mór orthu ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael i nGaillimh Thiar agus léirítear sa phobalbhreith seo go bhfuil an bheirt sin chun cinn. Tá tacaíocht d’Éamon Ó Cuív (ar 12%) agus don Aire Stáit Seán Kyne (ar 10%) síos beagán le hais na bliana 2016 ach tá lamháil earráide 4% i gceist leis an bpobalbhreith áirithe seo.

An ghné is mó a léiríonn an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis an olltoghchán seo áfach ná nár éirigh le ceachtar den bheirt iarrthóirí seo barr na pobalbhreithe seo a bhaint amach.   Is í Teachta Dála reatha eile Fhine Gael, Hildegarde Naughton ar éirigh léi sin a dhéanamh agus ag 13%, tá feabhas ollmhór tagtha ar a cuid figiúirí ó bhí olltoghchán 2016 ann.

Is féidir le dara iarrthóir Fhianna Fáil, an Comhairleoir Cathrach Ollie Crowe, a bheith sásta lena scór féin, 8% sa phobalbhreith seo mar gheall gur iarrthóir nua é don bhliain 2020. Beidh seisean ag féachaint leis an tacaíocht dhaingean atá aige sa chathair a leathadh amach go dtí an chuid eile den dáilcheantar.  Tá Fianna Fáil agus Fine Gael araon tite go maith faoi bhun an dá chuóta; FG ar 23% agus FF ar 20%, ach de bharr go bhfuil cruthaithe go maith ag Teachtaí Dála reatha FG sa phobalbhreith seo, beidh an dá pháirtí den tuairim go bhfuil seans maith acu an dara suíochán a bhaint amach i nGaillimh Thiar.

Mheas go leor go gcruthódh Niall Ó Tuathail ó na Daonlathaithe Sóisialta nó Pauline O’Reilly, urlabhraí maidir le Gnóthaí Leanaí agus Óige Chomhantas Glas, go maith sa phobalbhreith seo, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh iontas ar dhaoine go bhfuil siad i gceartlár an aonaigh (ar 12% agus ar 10% faoi seach). Bhí an bheirt áfach, thar a bheith gníomhach ag cur leis an tacaíocht láidir atá acu, Niall Ó Tuathail ón toradh maith a fuair sé in olltoghchán 2016 agus O’Reilly ó thoghcháin áitiúla na bliana anuraidh.  Breathnaíonn sé go mbeidh an-seans acu beirt de réir thorthaí na pobalbhreithe seo, a léiríonn go bhfuil an-tóir ag an lucht vótála níos óige ach go háirithe orthu.

Tá cruthaithe go maith ag na Teachtaí Dála Neamhspleácha reatha chomh maith sa phobalbhreith seo, tacaíocht 7% atá ag Noel Grealish agus 9% atá ag Catherine Connolly.  Tá an-chur amach ag an mbeirt seo ar fheachtais toghcháin agus tá tacaíocht láidir acu. Éiríonn leo go maith go hiondúil nuair a roinntear na vótaí aistrithe.  Breathnaíonn sé go mbeidh na vótaí aistrithe ríthábhachtach ar go leor bealaí chun torthaí an olltoghcháin seo a chinneadh.

Cé go bhfuil vóta Shinn féin síos ar an mbliain 2016, tá siad tagtha chucu féin go maith ón méid tacaíochta a fuair siad sna toghcháin áitiúla anuraidh. Iarrthóir nua í Mairéad Farrell, is féidir leo a bheith sásta go mbeidh siad ábalta cur leis an scór 7% atá faighte aici agus go leor ama fós fanta sula mbeidh an t-olltoghchán ann agus an chosúlacht ar an scéal go bhfuil tacaíocht an pháirtí ag dul i méid ar fud na tíre.

4% an lamháil earráide sa phobalbhreith seo, an figiúr céanna atá idir an 6 iarrthóirí atá ag barr phobalbhreith Ipsos MRBI.  Mar a dúradh ar ball, bhí iomaíocht ghéar ann an uair deiridh agus d’fhéadfadh iomaíocht níos géire arís a bheith i gceist leis an olltoghchán seo.  Go deimhin, beidh iarrthóirí atá níos faide síos an liosta, daoine mar an Comhairleoir Niall McNelis ó pháirtí an Lucht Oibre (ar 5%) atá sa deichiú háit sa phobalbhreith seo, ag meas go mbeidh sé ábalta a bheith san iomaíocht don suíochán deiridh, suíochán a mbíonn sé ina chogadh dearg faoi, ó glacadh an phobalbhreith seo agus coicís fanta sa bhfeachtas.

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is í seo an dara pobalbhreith atá coimisiúnaithe ag TG4 / Ipsos mar chuid de chlúdach TG4 ar olltoghchán 2020. Dé Máirt seo chugainn (an 4 Feabhra) tabharfar torthaí phobalbreith Ipsos MRBI ar Dháilcheantar Chiarraí le fios ar chlár ‘Vóta 2020’.

 

Modheolaíocht:

Ar gach slí, chuathas i mbun an tsuirbhé seo laistigh de na treoirlínte atá leagtha amach ag AMIRO agus ESOMAR. Rinneadh 505 agallamh le CATI (agallaimh theileafóin ríomhchuidithe). Rinneadh na freagróirí a roghnú ó bhunachar sonraí d’uimhreacha línte talún agus d’uimhreacha fóin póca a cruthaíodh trí Dhiailiú Uimhreacha Randamacha. Rinneadh an 20 agallamh eile duine le duine ag dhá phointe samplála i gcoirnéal Mhaigh Eo de Dháilcheantar Ghaillimh Thiar.  Ag an gcéim anailíse, rinneadh an sampla a ualú chun go mbeadh sé ag teacht le próifíl na vótálaithe sa phobalbhreith seo agus le próifíl vótálaithe na hÉireann ón bPobalbhreith díreach tar éis Vótála ar Olltoghchán 2016 a rinne an Irish Times/Ipsos MRBI. Ina theannta sin, iarraidh ar na freagróirí go léir an luach atá lena vóta ar scála 1 go 10 a thabhairt le fios, agus gurbh é a bhí i gceist le 1 “nach ndéanann sé aon difríocht” agus gurbh é a bhí i gceist le 10 “déanann sé go leor difríochta”. Caitheadh leis an dream a thug 1 mar fhreagra ar an gceist seo mar dhaoine nach gcaitheann vóta agus cuireadh as an áireamh iad ónar áireamh maidir le rogha iarrthóirí, chomh maith leo sin nach bhfuil a fhios acu cé dhó a chaithfidh siad vóta nó a dúirt nach mbeidh siad ag vótáil.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: