Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tháinig méadú 10% ar sciar féachana TG4 le linn na tréimhse dianghlasála

07.08.20


 

D’fhéach 3.14m duine nó 72% den daonra ar TG4 le linn na tréimhse dianghlasála Covid-19 (12 Márta – 31 Iúil 2020). Bhí méadú 150% ar lucht féachana ar sheinnteoir TG4 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, le beagnach 770,000 amhairc físe sa tréimhse. Bhí méadú 10% ar sciar lucht féachana TG4 ó Aibreán go Iúil le hais na tréimhse céanna i 2019. Ba i Mí Bealtaine a bhí an sciar féachana is airde le linn na dianghlasála ag 1.81%. Tá TG4 fós ar an 6ú cainéal is mó féachana in Éirinn, le meán-sciar de 1.7% ó thús na bliana.

Ba é an clár ‘John Sheahan’s 80th Birthday Live from Vicar Street’ a craoladh ar Lá Fhéile Pádraig an clár is mó faire sa tréimhse. D’fhéach 123,000 duine ar an gclár agus bhí aimsiú de 330,000 duine aige. Is é seo an lucht féachana is airde a bhí ag clár de chuid TG4 nach clár spóirt beo é ó Earrach 2016. D’fhéach 82,000 duine ar an gclár ‘Liam O’Flynn – Píobaire’ ar Dhomhnach Cásca, agus is é an clár is mó féachana ar sheinnteoir TG4 ó thús na bliana le beagnach 9,000 amhairc físe; 1,800 amhairc físe níos mó ná an dara clár is mó féachana ar an seinnteoir.

Thar tréimhse sé seachtaine ag deireadh Aibreáin, bhí Breanndán agus Cormac Ó Beaglaoich ar chamchuairt cheolmhar chósta an Iarthair sa veain champála ‘Beauty’. Ba é seo an tsraith ceoil is fearr i dtaobh lucht féachana de ar TG4 le dhá bhliain anuas. Bhí 150,000 duine ar an meán ag breathnú ar an sraith gach seachtain, agus tá beagnach 25,000 amhairc físe ag an sraith ar an seinnteoir. Bhí tóir ar an sraith ag painéal taighde lucht féachana TG4 ‘Fios Físe’ freisin, d’fhéach 60% den phainéal ar an gclár go seachtainiúil.
Ceithre chlár faoi shaol na Boirne ar feadh bliana a bhí i ‘An Bhoirinn’, a thug faoiseamh don lucht féachana i lár na pandéime nuair a craoladh é i Mí Bealtaine, atá mar an t-sraith faisnéise is mó lucht féachana ó thús na bliana. D’fhéach 160,000 duine ar an sraith go seachtainiúil, agus bhí 10,000 amhairc físe ar na cláir ar an seinnteoir.

Cinneadh ciallmhar a bhí ann cluichí ón gcartlann spóirt a chraoladh arís faoin mbranda ‘All Ireland Gold’. Bhí na cláracha ina gcranntaca don sceideal féachana le linn na tréimhse dianghlasála. Ba i Mí Aibreáin a bhí an lucht féachana is mó ag ‘All-Ireland Gold’, agus is é Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan 2004 idir Port Láirge agus Corcaigh is mó féachana, 97,400 duine a d’fhéach ar an gcluiche, agus sciar de 10% aige. Bhí lucht féachana mór ag cluichí eile i Mí AIbreáin, cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann 2013 idir Ciarraí agus Áth Cliath, Cluiche Ceannais Iomána na Éireann 2017 idir Gaillimh agus Port Láirge agus Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann 1995 idir An Clár agus Gaillimh.

Tháinig méadú ar lucht féachana na sraithe cheol tíre ‘Opry le Daniel’, bhí aimsiú de 200,000 seachtainiúil ag an sraith. Chuir Daniel O’Donnell agus Hector araon
sraitheanna nua cainte ‘Hector Anseo’ agus ‘Daniel sa Bhaile’ i láthair. Rinneadh coimisiniú ar an dá sraith nua mar gheall ar chúinsí Covid-19. Bhí tóir ar an dá sraith leis an bpainéal taighde lucht féachana ‘Fios Físe’ agus an-tóir ar na cláir ar sheinnteoir TG4 agus ar na meáin shóisialta.

Bhí TG4 ar an 2ú cainéal is mó féachana sa tír agus ‘Cúla4 ar Scoil’ ar aer thar an chéad cheithre seachtaine den tsraith. Bhí ‘Cúla4 ar Scoil’ dírithe ar dhaltaí bunscoile Gaeltachta agus Gaelscoile a bhí ag foghlaim sa bhaile de bharr scoileanna a bheith dúnta. Bhí sciar 8% ar an meán den lucht féachana ag ‘Cúla4 ar Scoil’
gach lá, agus ba sciar de 16%, an sciar is airde a fuair an clár ó cuireadh tús leis tar éis saoire na Cásca ar an 20 Aibreán.

Is é ‘Gaeltacht 2020’, dhá chlár a d’fhéach ar staid reatha na Gaeltachta, is mó a thaitin leis an bpainéal taighde lucht féachana ‘Fios Físe’, le 64% den phainéal a d’fhéach air. D’fhéach 54% den phainéal ar ‘Saol Trí Ghaeilge’ clár faisnéise faoi shaol na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht curtha i láthair ag an bhfile Ciara Ní É.
 
 


 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: