Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá TG4 ar an 6ú cainéal is mó féachana in Éirinn den chéad uair riamh

13.01.20

De réir figiúirí ó TAM Ireland, bhí TG4 ar an séú cainéal is mó lucht féachana den chéad uair riamh in 2019, ardú áit amháin ón seachtú háit a bhí ag TG4 ó 2014.  Is é seo an chéad uair ag TG4 a bheith ar an séú cainéal is mó féachana ó bunaíodh é i 1996. Féachann níos mó daoine in Éirinn anois ar TG4 ná mar a fhéachann ar BBC Two, Virgin Media Three agus Channel 4.  D’fhéach 85% den daonra ar TG4 am éigin le linn 2019.  Ba é an 15 Meán Fómhair, an lá a craoladh Cluiche Ceannais Pheil na mBan idir Áth Cliath agus Gaillimh,  an lá a raibh an lucht féachana is airde, 787,000 duine, ag an stáisiún.  D’fhreastail 56,114 duine ar an gcluiche i bPáirc an Chrócaigh, an lucht freastail is airde riamh ag Cluiche Ceannais Pheil na mBan.

Tháinig méadú 3% ar sciar TG4 in 2019 cé go raibh laghdú 6% ar an lucht féachana in 2018.  1.84% an meánsciar den lucht féachana a bhí ag TG4 in 2019. Ba é mí an Mhárta an mhí b’airde sa bhliain le meánsciar 2.65% don mhí.

Cluiche Ceannais Allianz, Maigh Eo v Ciarraí ar GAA BEO, an clár ba mhó féachana in 2019. D’fhéach 265,000 duine ar an meán ar an gclár a raibh sciar 30.4% den lucht féachana aige.

Bhí an-tóir ar chláir cheoil tíre ar TG4 in 2019 chomh maith, d’fhéach breis is 83,000 duine ar Opry le Daniel – Margo ar Oíche Nollag. Bhí suim ar leith freisin sna cláir faisnéise a craoladh ar TG4 le linn na bliana, le sraitheanna ar nós ‘Finné’, ‘Laochra Gael’, agus cláir aonair ‘Uchtú – Evanne Ní Chuilinn’, ‘Phil Coutler – Mo Shaol’ and ‘Fear Darb Ainm Harris’, ag mealladh lucht féachana ag amanna iomaíocha sa sceideal féachana.

Mheall craoladh ar ócáidí beo ar nós Gradam Ceoil TG4Fleadh TVMary From Dungloe agus The Irish Post Awards lucht féachana mór ar aer agus ar na meáin shóisialta.  Mhéadaigh an líon amharc ar fhíseáin ar na meáin shóisialta ó 18m in 2018 go dtí 23m in 2019.

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont “Cuireann TG4 an ‘tsúil eile’ i gcroílár na físe don chraoltóireacht seirbhíse poiblí, agus is léir go bhfuil an fhís sin ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana.  Tá mé fíor-bhródúil as an bhfoireann i mBaile na hAbhann agus as na foirne léiriúcháin ar fad ar fud na tíre, os comhair agus taobh thiar de na ceamaraí as an éacht seo a bhaint amach.”

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: