Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraith World Cup Gold Soccer ag tosú ar TG4 agus seanchluichí den chéad scoth le craoladh ón gcartlann

23.04.20


 
Tá sé fógartha ag TG4 go gcraolfaidh an stáisiún cluichí sacair den scoth ón gcartlann ag tosú le Corn Domhanda FIFA 1990.

Dé hAoine an 1 Bealtaine ag an 7.30pm a chraolfar an chéad chluiche sa tsraith ar TG4, an cluiche idir Poblacht na hÉireann agus Sasana ó Chorn an Domhain ’90 san Iodáil.

Beidh lucht féachana ábalta súil siar a chaitheamh ar mar a d’éirigh le foireann Jack Charlton nuair a ghlac Poblacht na hÉireann páirt i gCorn Domhanda FIFA den chéad uair riamh in 1990.

I measc na gcluichí eile i sraith World Cup Gold beidh Poblacht na hÉireann v An Iodáil (Corn Domhanda FIFA 1994 sna Stáit Aontaithe), cluichí na hAirgintíne in aghaidh Shasana agus Iarthar na Gearmáine i gCorn Domhanda FIFA i Meicsiceo in 1986.

Gach tráthnóna Aoine ag 7.30pm craolfar World Cup Gold ar TG4.

 

Dáta Cluiche
Dé hAoine an 1 Bealtaine ag 7.30pm Poblacht na hÉireann v Sasana,
Corn Domhanda FIFA 1990, Babhta na nGrúpaí
Ionad: Stadio Sant’Elia, Cagliari
Dé hAoine an 8 Bealtaine ag 7.30pm Poblacht na hÉireann v An Ísiltír,
Corn Domhanda FIFA 1990, Babhta na nGrúpaí
Ionad: Stadio La Favorita, Palermo
Dé hAoine an 15 Bealtaine ag 7.30pm Poblacht na hÉireann v An Rómáin,
Corn Domhanda FIFA  1990, An Dara Babhta
Ionad: Stadio Luigi Ferraris, Genoa
Dé hAoine an 22 Bealtaine ag 7.30pm Poblacht na hÉireann v An Iodáil,
Cluiche Ceathrú Ceannais Chorn Domhanda FIFA 1990 
Ionad: Stadio Olimpico, An Róimh
Dé hAoine an 29 Bealtaine ag 7.30pm Poblacht na hÉireann v Tuaisceart na hÉireann,
Babhta Cáilithe Chorn Domhanda FIFA 1993, 
Ionad: Bóthar Lansdún
Dé hAoine an 5 Meitheamh ag 7.30pm Poblacht na hÉireann v An Iodáil,
Corn Domhanda FIFA 1994, Babhta na nGrúpaí
Ionad: Giants Stadium, New Jersey
Dé hAoine an 12 Meitheamh ag 7.30pm Tuaisceart na hÉireann v An Spáinn,
Corn Domhanda FIFA 1982, Babhta na nGrúpaí
Ionad: Estadio Luis Casanova, Valencia
Dé hAoine an 19 Meitheamh ag 7.30pm An Airgintín v Sasana,
Cluiche Ceathrú Ceannais Chorn Domhanda FIFA 1986,
Ionad: Estadio Azteca, Cathair Mheicsiceo
Dé hAoine an 26 Meitheamh ag 7.30pm An Airgintín v Iarthar na Gearmáine,
Cluiche Ceannais Chorn Domhanda FIFA 1986,
Ionad: Estadio Azteca, Cathair Mheicsiceo
  • Deimhneofar tuilleadh cluichí i Meitheamh.

 

Teagmháil do na Meáin:
Rónán Ó Coisdealbha – Spórt TG4 – 091-505050, ronan.o.coisdealbha@tg4.ie

Cuir aithne orainn: