Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Peil na mBan agus Underdogs TG4 2021

16.09.20


 

Cé gur bliain ar leith í seo, tá Underdogs TG4 ar ais agus táimid sa tóir ar fhoireann nua Peileadóirí Mná don bhliain 2021. Táthar ag tóraíocht arís agus ag iarraidh teacht ar ghrúpa ban atá cumasach, díocasach agus uaillmhianach go leor le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír. Fáilteoidh TG4 agus Adare Productions roimh iarratais anois do shraith 2021 de Underdogs.
 

Deir Helen O’Rourke, Príomhfheidmeannach Pheil na mBan: “Tá ríméad ar Chumann Pheil na mBan a bheith rannpháirteach arís sa tsraith Underdogs, sraith a bhfuil an-tóir uirthi. Táimid ag súil leis na daoine breátha a thiocfaidh chun cinn de bharr na sraith seo a fheiceáil agus is ardán den scoth eile é chun na sárpheileadóirí mná seo a chur os comhair an phobail. Is í seo an 20ú bliain againn ag obair i gcomhar le TG4.”
 

Deir Rónán Ó Coisdealbha, Ceannaire Spóirt TG4:
“Tá TG4 ag súil leis an tSraith Teilifíse Underdogs an bhliain seo chugainn agus táimid ag súil go mór le bheith ag obair le Cumann Pheil na mBan ag féachaint le peileadóirí mná a aimsiú a bheidh mar chuid d’fhoireann na Underdogs. Léirítear leis an tSraith nua Underdogs do Pheileadóirí Mná go bhfuil tiomantas TG4 do chlúdach a dhéanamh ar spóirt na mban ag dul i méid gach bliain”
 

Is é seo do sheans dul ag traenáil in éineacht le laochra móra an chluiche agus a bheith faoina stiúir. Is deis é d’imreoirí nach bhfuil eolas ar bith ag an bpobal orthu aghaidh a thabhairt ar roinnt de na báireoirí is fearr sa tír.
 

Cé atá ábalta iarratas a dhéanamh?

  • Ní féidir le daoine a bhí ag imirt ar phainéal craoibhe idirchontae i bPeil na mBan ag leibhéal do dhaoine fásta (sóisir, idirmheánach nó sinsir) le cúig bliana anuas cur isteach ar an gclár.
  • Ní féidir le daoine a bhfuil Craobh idirchontae na hÉireann i bPeil na mBan ag leibhéal do dhaoine fásta (sóisir, idirmheánach nó sinsir) buaite acu cur isteach ar an gclár.
  • Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina mbaill chláraithe de Chumann Pheil na mBan (LGFA).
  • Ní mór d’iarrthóirí a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an 16ú Meán Fómhair 2020.

 
Beidh trialacha don tsraith ar siúl i nDeireadh Fómhair 2020. Ar ndóigh, déanfar an taifeadadh go léir de réir threoirlínte an Rialtais agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is féidir le himreoirí dul chuig www.tg4.ie/Underdogs chun iarratas a dhéanamh.