Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Méadú Suntasach ar Lucht Féachana TG4 thar thréimhse na Nollag

Sciar thréimhse na Nollag suas 13% ó 2018 ar TG4

03.01.20

  • sciar thréimhse na Nollag (Oíche Nollag go Lá Caille) suas 13% v 2018
  • Lucht féachana níos airde do 7 lá as 9 lá sa thréimhse v 2018
  • 1.9m aimsiú le linn na tréimhse
  • 650,000 aimsiú ar Oíche Nollag agus Lá Nollag.

Bhí TG4 ar an 6ú gcainéal teilifíse is mó féachana in Éirinn i 2019, agus bhí sciar de 2.7% ag TG4 thar thréimhse na Nollag. Bhí aimsiú laethúil de 569,000 duine agus aimsiú iomláin de 1.9 milliún. Bhí sciar de os cionn 3% ag TG4 ar Oíche Nollag, an 28ú Nollaig agus Lá Caille.
Ba é ‘Opry le Daniel’ an clár is mó faire le 83,000 ar Oíche Nollag, agus sciar de 6.7% ag an gclár ceoil. An dara clár is mó féachana le 81,000 ná ‘Rugbaí Beo’ ar an 28ú Nollaig, clúdach iarbheo ar an gcluiche idir Laighin v Mumha. Bhí an-tóir ar scannáin na Nollag ar TG4 i mbliana. Ba é ‘Into The West’ an clár is mó féachana ar Lá Nollag le 79,000 duine ag faire air, agus bhí an-tóir ar ‘Dirty Dancing’ Oíche Nollag a d’fhéach 76,000 duine air agus a raibh sciar de 9% aige.

Thaitin cláir nua na Nollag leis an lucht féachana freisin. Bhí ós cionn 60,000 duine ag breathnú ar ‘Phil Coulter – Mo Shaol’ Lá Nollag agus 53,000 a d’fhéach ar ‘Fear Darb Ainm Harris’ Lá Caille.

Bhí tóir freisin ar ‘Fáilte 2020’ a chraoladh beo ó Óstán Tigh Pheacock ar an Teach Dóite, a raibh 43,000 ag féachaint air agus sciar de os cionn 4% aige.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: