Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Le Chéile Trí Chultúr - Oíche Chultúir 2020 ar TG4

15.09.20


 


 
Déanfar na healaíona sna pobail Ghaeltachta a cheiliúradh ar TG4 Oíche Chultúir 2020 i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta sa chlár ‘Tearmann’. Taispeánfar den chéad uair ar an teilifís an scannán ‘Cumar’, scannán a rinne pobal ealaíon na Gaillimhe le gean ar an gcathair féin.
 
Ag a 8pm ar an Oíche Chultúir taispeánfar ‘Tearmann’ clár faisnéise géarchúiseach ina léirítear saothair nua agus nuálacha ó ealaíontóirí éagsúla Gaeltachta. Fiosraítear sa scannán mar atá an tírdhreach, nósanna na háite agus go deimhin pobal na Gaeltachta ag dul i bhfeidhm ar ghlúin nua ealaíontóirí. Páirteach sa scannán tá Cathal Mac Fhionnghaile, Siobhán Ní Dhuinnín, Áine Ní Chiobháin and Johnny Óg Connolly. Arna léiriú ag Aniar Productions, i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta.
 

Is scannán dátheangach é ‘Cumar’ ina ndéantar scrúdú go físúil ar an gceangal atá ag ealaíontóirí atá bunaithe i nGaillimh lena dtimpeallacht agus craolfar sin ag 9:30pm. Fiosraítear in ‘Cumar’ an tarraingt atá ag ealaíontóirí ar Ghaillimh agus an tionchar dá réir atá aige sin ar chultúr na cathrach. Rinneadh an scannánú feadh ceithre shéasúr agus ann tugtar léargas ar an athrú a thagann ar an gcathair agus ar an gcontae feadh na séasúr sin. I measc na n-ealaíontóirí atá páirteach ann tá an scríbhneoir Mike McCormack, an file Rita Ann Higgins, stiúrthóir Macnas Noeline Kavanagh, an t-amhránaí Róisín Seoighe, an t-ealaíontóir físiúil Padraic Reaney, an ceoltóir Máirtín O’Connor agus an fear grinn Tommy Tiernan. Tagann na healaíontóirí le chéile chun léargas úr, spreagúil agus go minic neamhbhalbh a thabhairt ar shaol an ealaíontóra i nGaillimh. Féachann siad ar an gcathair agus fiosraíonn an í Gaillimh príomhchathair an chultúir i ndáiríre? Arna léiriú ag Tua Films. Is scannán ilDána é‘CUMAR – A Galway Rhapsody’ arna mhaoiniú ag TG4 agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le hIonad Scannán na Gaillimhe.
 

Craolfar sraith d’fhíseáin ghearra chun ceiliúradh a dhéanamh ar ealaíontóirí Gaeltachta ar Molscéal ar an láithreán gréasáin www.molsceal.ie agus ar na meáin shóisialta. Cuirfidh ealaíontóirí fáilte roimh an lucht féachana isteach i ndomhan na cruthaitheachta agus tabharfaidh léargas ar a gcuid tograí iontacha. I measc na n-ealaíontóirí beidh Pól Ó Ceannabháin, ambasadóir d’Ealaín na Gaeltachta don bhliain 2020, amhránaí a bhfuil gradaim bainte aige agus aisteoir a fáisceadh as teaghlach mór sean-nóis. Páirteach freisin beidh Mánus Lunny, a mbuailfimid leis sa stiúideo fuaime i nDún na nGall, áit a mbíonn sé ag obair le ceoltóirí na háite, Ruairí Ó Donnabháin ó Oileán Chléire. Tá triúr ealaíontóirí mná tagtha le chéile i gConamara, chun ‘Cúl an Tí’ a bhunú, sin iad Lelia Ní Chathmhaoil, Aoife Casby agus Andrea Rossi agus leabharlann d’ealaíontóirí bunaithe acu a thugann deis d’óg agus aosta a gcumas cruthaitheach féin a fhorbairt agus beidh Deirdre Nic Ghinnea ag obair ar chlóphreas mór agus i mbun ealaíne le cabhair ón meaisín.
 

Maidir leis an Oíche Chultúir dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Tá an-ríméad ar TG4 tacú leis na hEalaíona agus iad a cheiliúradh mar chuid d’Oíche Chultúir 2020. Tá go leor den earnáil chruthaitheach fréamhaithe sna healaíona agus cuireann TG4 fáilte roimh an deis seo tacú leis na healaíona atá fréamhaithe sa teanga. Cuireann tionscadail choimisiúnaithe mar ilDána agus Amharc ardán ar leith ar fáil do na hEalaíona agus is seod ar leith an chéad taispeántas ina gcraolfar den chéad uair an scannán Cumar a bhfuil duaiseanna buaite aige agus a tháinig faoin scéim ilDána.”
 

Measann Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, “Trí shaibhreas cultúir agus ealaíon na Gaeltachta a cheiliúradh tugtar léargas bríomhar agus ar leith go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar shainiúlacht na Gaeltachta. Iarraimid ar an bpobal a bheith páirteach san ealaíon ar ardchaighdeán seo atá ealaíontóirí na Gaeltachta a sholáthar agus a bheith bródúil aisti.”
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: