Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúla4 ar Scoil ar ais ar TG4 go luath

24.08.20

 

Beidh sraith nua de Cúla4 ar Scoil ar ais ar TG4 ag deireadh na míosa ag tosú ar an Luan 31 Lúnasa ag 10am.  Is í Orla Ní Fhinneadha a bheidh á chur i láthair an uair seo agus beidh na múinteoirí Micheál Ó Dubhghaill, Caitríona Ní Chualáin, Joe Ó hEachtairn, Síle Ní Chonghaile agus Caitríona McAtee léi ag amanta difrúla sa tsraith nua.
 
Beidh téama coicíse ann don dara sraith. Sa chéad choicís, is ag díriú ar théama “An Scoil” a bheidh Cúla4 ar Scoil.  Beidh na múinteoirí ag cabhrú le tuismitheoirí agus páistí socrú ar ais ar scoil agus dul i ngleic leis na hathruithe, na nósanna agus na modhanna oibre nua a bheidh i bhfeidhm.  Féachfaidh an Múinteoir Micheál Ó Dubhghaill ar athrú agus leanúnachas thar na blianta sna scoileanna in Éirinn.  Beidh blaiseadh den leabhar ‘An Múinteoir Nua’ le hÁine Ní Ghlinn agus taispeánfar dúinn conas rialacha ranga a chur i láthair.  Spreagfar na gasúir chun spriocanna don scoilbhliain nua a roghnú agus a scríobh, agus bainfidh an ceacht ealaíne leas as seandlúthdhioscaí chun prionta a dhéanamh.   Cuirfidh Múinteoir Orla Ní Fhinneadha saintéarmaíocht na scoile i láthair do na bunranganna, lena n-áirítear trealamh sa mhála scoile agus troscán sa seomra ranga.  Léifidh sí scéal dúinn dár teideal ‘Ná Gabh ar Scoil’ agus fiosróidh sí cén trealamh scoile atá maighnéadach nó neamhmaighnéadach.

 

Beidh an tsraith á léiriú le maoiniú ó TG4 agus le comhairle faoin ábhar oideachais agus curaclaim ón Roinn Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus Gaeloideachas. Tá saintaithí agus comhairle Thuismitheoirí na Gaeltachta curtha san áireamh sa chur chuige a bheidh sa chlár freisin. Is iad an chomhlacht léíriúcháin Meangadh Fíbín faoi stiúir Ethel Burke agus Darach Ó Tuairisg a bheidh i mbun an léirithe, i Scoil na bhForbacha, Conamara.
 
Maidir le fógra TG4 go bhfuil sé beartaithe ag an stáisiún leanúint le Cúla4 ar Scoil sa scoilbhliain nua, dúirt na tAire Oideachais Norma Foley TD: “Tá ríméad orm go bhfuil TG4 chun leanúint leis an tionscnamh den chéad scoth seo.  Cuirim fáilte roimh an soláthar seo d’acmhainní teanga ar ardchaighdeán chun tacú le leanaí bunscoile a bheith ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.  Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn in ann tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil d’fhoireann an chláir maidir le hábhar na gclár. Bhí Cúla4 ar Scoil ar cheann de na míreanna ab fhearr le leanaí, tuismitheoirí agus múinteoirí araon nuair a bhí na scoileanna dúnta. Níl aon amhras ach go leanfaidh go leor múinteoirí ag úsáid na n-acmhainní iontacha seo chun tacú le múineadh agus le foghlaim sa bhliain nua acadúil. Gabhaim buíochas le gach duine a bhí páirteach agus déanaim comhghairdeas leo.”

 
 

Eolas faoi na Múinteoirí


Orla Ní Fhinneadha


Is múinteoir bunscoile í Orla Ní Fhinneadha. Chaith sí cúpla bliain ag teagasc i nGaelscoileanna sular thosaigh sí i Scoil Éinne ar an Spidéal. Bhain sí bunchéim san oideachas bunscoile amach i gColáiste Mhuire gan Smál. Anuas ar sin tá M. Oid bainte amach aici inar dhírigh sí ar an bhfreastal a dhéantar ar chainteoirí dúchais i scoileanna Gaeltachta ina cuid taighde. Is leis na Naíonáin bheaga a bhí sí le blianta beaga anuas ach is le Rang 6 a bheas sí i mbliana. Chuir sí Campa Cúla4 sna healaíona traidiúnta i láthair i rith an tsamhraidh agus í ar bís bheith ar ais linn.
 
 

Mícheál Ó Dubhghaill

Tá Mícheál Ó Dubhghaill ag múineadh le sé bliana déag. Chaith sé formhór dá shaol múinteoireachta ag múineadh i gcathair Luimní ach tá sé ag múineadh i dTrá Lí anois le trí bliana anuas. Is breá leis a bheith ag múineadh ceoil, drámaíocht, Gaeilge agus Mata. Nuair nach mbíonn sé ag múineadh bíonn sé ag aisteoireacht agus ag casadh ceoil.
 
 

Caitríona Ní Chualáin 

Is múinteoir bunscoile as Indreabhán, Conamara í Caitríona Ní Chualáin. Chuir Caitríona agus Fiachra Ó Dubhghaill an chéad sraith de Cúla4 ar Scoil i láthair. Tá sí ag múineadh le ceithre bliana anuas i nGaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad. Is scoil iontach ceolmhar í agus tá an-ghrá ag an scoil don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach agus tá an t-ádh uirthi go bhfuil sí ann. Bíonn sí ag obair go páirt aimseartha freisin le TG4 mar láithreoir aimsire agus leanúnachais chomh maith, rud a bhaineann sí an-sult as.
 
 

Síle Ní Chonghaile

Is múinteoir í Síle i nGaelscoil Riada i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.  Tá máistreacht san oideachas ó Choláiste Phádraig agus tá sí ag múineadh le 5 bliana anuas. Is breá léi Gaeilge, corp oideachais agus stair. Nuair nach mbíonn sí ar scoil, is maith léi a bheith ag imirt spóirt agus ag seinm ceoil.
 
 

Joe Ó hEachteirn

Is múinteoir bunscoile é i Scoil na nÓg, Gleann Maghair i gCorcaigh! Is as Cill Uird dó i dtuaisceart Chorcaí. Tá sé ag múineadh le haon bhliain déag anois.  Tá máistreacht bainte amach aige san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.  Tá suim aige i gcúrsaí spóirt, Staire, Eolaíochta, filíochta agus dar ndóigh Gaeilge.
 
 

Caitríona McAteer

Is as Contae Aontroma do Chaitríona. Tá sí  ag múineadh le 4 bliana anois agus bhain sí a céim amach ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Ina ham saor, imríonn sí camogaíocht agus peil Ghaelach lena club agus tá suim mhór aici san amhránaíocht chomh maith.
 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide, TG4 | Deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: