Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúig Ghradam eile buaite ag Arracht ag Féile Scannán Idirnáisiúnta American Golden Picture

08.05.20

 

 
Arracht, fadscannán Gaeilge a rinneadh mar chuid den tionscnamh Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Tionscnamh nua é Cine4 chun fadscannáin úrnua Ghaeilge a fhorbairt. Taispeánadh Arracht den chéad uair ar domhan ag an 23ú Féile Scannán Tallin Black Nights, san Eastóin i mí na Samhna seo caite. Taispeánadh den chéad uair in Éirinn é ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mí Feabhra agus ag Féile Scannán Ghlaschú a taispeánadh don chéad uair é in Albain i Mí Márta.  Tá moladh mór faighte ag an scannán go dtí seo.
 
Tá cúig ghradam eile bronnta ar an scannán ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta ‘American Golden Picture’.

  • Fadscannán is Fearr
  • Stiúrthóir is Fearr – Tom Sullivan
  • Cineamatagrafadóir is Fearr – Kate McCullough
  • Aisteoir Óg is Fearr – Saise Ní Chuinn
  • Aisteoir is Fearr – Dónall Ó Héalaí

 

Scannán lánfhada ó Tom Sullivan is ea Arracht arna léiriú ag Cúán Mac Conghail do Macalla Teo agus ina bhfuil Dónall Ó Héalaí sa phríomhpháirt.  In Éirinn sa bhliain 1845 atá an scannán seo suite agus insítear scéal Cholmán Sharkey, iascaire, fear atá pósta agus a bhfuil clann aige, a thugann dídean d’fhear strainséara ar ordú ón sagart. Ní bhíonn Patsy, iarshaighdiúir, i bhfad sa tír nuair a bhuaileann ‘an dúchan’ na fataí. An Gorta Mór a thoradh uirthi agus caitheann na milliúin daoine imeacht as an áit nó bás a fháil.

 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont “Tréaslaíonn TG4 le Arracht an t-aitheantas atá faighte aige ó lucht féachana idirnáisiúnta. Tá ábhar Gaeilge a sholáthar ar gach ardán i gcroílár fhís TG4 don lucht féachana agus cuirtear scannáin Ghaeilge de scoth ar fáil le maoiniú Cine 4.  Tá moladh mór faighte ag Arracht ó taispeánadh den chéad uair é ag Féile Scannán Tallinn i mí na Samhna a thugann aitheantas do chumas agus do scileanna na foirne léiriúcháin i margadh closamhairc domhanda.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: