Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Corp + Anam ar fáil ar an seirbhís 'SOONER' san Eoraip

05.08.20


 
Tá sraith drámaíochta Gaeilge ‘Corp + Anam’ a léirigh Magamedia do TG4, anois ar fáil ar ‘SOONER’, seirbhís sruthaithe físe, amhail Netflix, atá ar fáil sa Ghearmáin, san Eilvéis agus san Ostair.
 
Sraith drámaíochta í Corp + Anam nach ndéantar aon iarracht an fhírinne a cheilt inti agus a bhfuil an-rath uirthi. Tá Maria Doyle Kennedy (Dexter, The Tudors) agus Diarmuid de Faoite (Pádraic) i measc na bpríomhaisteoirí sa tsraith. Is tuairisceoir é Cathal Mac Iarnáin nach bhfuil sásta mura bhfuil sé ag obair, tá fadhbanna sa bhaile aige ach is cosúil nach bhfuil sé ag iarraidh aghaidh a thabhairt orthu. Tá sé go mór ag iarraidh coirpigh a nochtadh agus aird an phobail a tharraingt ar thragóidí an chine daonna agus é ag iarraidh a mhuintir féin a choinneáil ón aimhleas ag an am céanna. Is é Cathal fannlaíoch na sraithe Gaeilge seo.
 

Tá ríméad ar an gcomhlacht léiriúcháin as Éirinn Magamedia agus an dáileoir as an mBreatain Videoplugger a fhógairt go bhfuil Corp + Anam ina chuid den mhargadh atá déanta le ContentScope, agus go mbeidh an clár le sruthú ar a n-ardán VoD sa Ghearmáin, san Ostair agus san Eilvéis. Is ardán VoD faoi úinéireacht Ghearmánach-Fhrancach a seoladh ar an 29 Iúil agus a dhíreoidh ar ábhar idirnáisiúnta agus sin amháin, i bhfoirm sraithe agus i bhfoirm aonair araon.
 

Dúirt Andreas Wildfang Príomhstiúrthóir Feidhmiúcháin ContentScope GmbH: “Ábhar sraithe den chuid is mó seachas scannáin aonair é an t-ábhar dúchais a bhaineann le SVOD, tá an scannán iomlán 90-nóiméad fágtha againn go hansmachtúil ó na 1920idí, níl ann ach nár athraigh sé, feicimse gurb é sin atá chomh spéisiúil faoi shraitheanna. Ní do scannáin shainealaíne amháin é Sooner ach tá spéis againn chomh maith in ábhar atá dírithe ag údar scannán, agus is breá an sampla de sin é ‘Corp + Anam’.”
 

Dúirt Paddy Hayes Príomhfheidmeannach, Magamedia:

“Tá ríméad orm go mbeidh lucht spéise níos fairsinge sa Ghearmáin ábalta féachaint ar ‘Corp + Anam’ – tá níos mó iriseoirí a bhíonn i mbun feachtasaíochta uainn anois ná mar a bhí riamh – agus cinnteoidh an téama faoi cheartas sóisialta agus an chuma chomhaimseartha atá ar an tsraith go gcoinneoidh lucht spéise orthu ag féachaint air arís agus arís eile.”
 

Dúirt Emanuele Galloni, Príomhfheidhmeannach Videoplugger:

“Tá tábhacht ar leith dom féin ag baint le Corp + Anam ós rud é gurb é an chéad teideal mór a thugamar ar bord linn é, agus níl stop ar bith leis ar fud na cruinne.”
 
 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: