Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cogadh ar Mhná

15.09.20


 
TG4 23 Meán Fómhair ag 9.30pm
 

 
Sa chlár faisnéise nua,Cogadh ar Mhná, bréagnaítear an tuairim nár tharla foréigean gnéis i gcoinne na mban le linn Chogadh na Saoirse ná Chogadh na gCarad. Inseofar den chéad uair sa chlár seo scéal chuid de na mná a d’fhulaing.

Tabharfar léargas eile dúinn ar an réabhlóid in Éirinn agus mar a cuireadh scéalta na mban faoin tréimhse sin faoi chois.  Arna léiriú trí chomhpháirtíocht nua idir TG4 agus RTÉ le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Is í Ciara Hyland stiúrthóir Cogadh ar Mhná agus Tony McCarthy ó Forefront Productions an léiritheoir – an fhoireann chéanna a léirigh an clár ‘De Valera i Meiriceá’ anuraidh.

Cén t-údar nár chualathas riamh gur tharla foréigean i gcoinne na mban le linn Chogadh na Saoirse ná Chogadh na gCarad ina dhiaidh sin?

Rud a bhí amhlaidh i ngach cogadh eile – An Chéad Chogadh Domhanda, An Dara Cogadh Domhanda agus fiú an Cogadh sa Bhoisnia go deireadh.  Ar bhain a leithéid leis an Réabhlóid in Éirinn?

Measadh ar feadh blianta an méid a thit amach in Éirinn a bheith eisceachtúil sa tslí is gur ceapadh nár tharla a leithéid. Ach an fíor sin?  An é nár tharla ainghníomhartha mar sin in Éirinn? An raibh an cogadh in Éirinn neamhchosúil leis na cogaí a bhí i ngach áit eile? Agus an raibh na fir anseo níos tuisceanaí?

Ní dóigh leis an gclár seo é.

Tá léargas eile ag teacht chun cinn i bhfianaise taighde nua ceannródaíoch ó staraithe mar Mary McAuliffe agus Lindsey Earner-Byrne, na socheolaithe Linda Connolly agus Louise Ryan agus an staraí agus scríbhneoir Ann Mathwews. I ndiaidh súil eile a chaitheamh ar sheanfhoinsí agus ar ábhar nua, tá siad ag teacht ar scéalta faoi fhoréigean i gcoinne na mban nár caintíodh riamh cheana orthu.

Scéalta mar scéal Mary M as an Iarmhí ar éignigh buíon Poblachtánach í agus ar casadh le páiste í ina dhiaidh sin. Táthar tagtha ar litreacha a scríobh sí chuig Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath ag iarraidh cúnaimh. Nó scéal a tharla sa Neidín nuair a d’ionsaigh comhalta d’Arm an tSaorstáit beirt chailíní ach gur bhuail na húdaráis is airde sa rialtas nuabhunaithe cois air.  Nó an litir sé leathanach ó Norah Healy as Cathair Chorcaí a bhí ag iompar clainne nuair a d’éignigh Fórsaí na Corónach í. Ar scéal a thabhairt don RIC, chonaic sí duine de an fir a d’ionsaigh í sa stáisiún póilíní.  An chomhairle a chuir an Sáirsint i gCeannas uirthi gan bacadh aon ní a raibh faoi.

Tá scéalta den chineál seo fairsing – buíonta armtha fear ó gach aon taobh den choimhlint ag ionsaí mná a bhí sa bhaile ina gcuid tithe a raibh gcuid deartháireacha, fir chéile nó aithreacha ar a dteitheadh nó i bhfolach.  San oíche is mó a tharlaíodh na ruathair – agus is minic gur tharla meascán díobh seo a leanas – tharraingítí mná amach as an leaba ina gcuid éadaí leapa, bhuailtí sa chloigeann agus san éadan iad, chaití uisce orthu le go mbeadh a gcolainn le feiceáil trína gcuid éadaí, bhearrtaí a ngruaig. Scartaí óna muintir iad agus dhéantaí ionsaí gnéis nó éigniú orthu. Cé nárbh bheart é éigniú ná foréigean gnéis a bhí ordaithe ná ceadaithe ar aon taobh, bhí an deis ann d’fhoréigean fisiciúil agus gnéis mar go mbítí ag déanamh ruathair sheasta ar thithe. B’ionann na ruathair is teachtaireacht láidir a chur chuig na fir a bhí i bhfolach sna cnoic – nach raibh siad in ann a gcuid ban ná a gcuid tithe a chosaint.

Níl ceachtar taobh glan ar na coireanna seo – Fórsaí na Corónach, Poblachtánaigh ná lucht an tSaorstáit – tá scéalta ann go ndearna gach taobh díobh foréigean in i gcoinne ban.

Is minic gur ceileadh scéalta na mban seo mar gheall ar náire a bheith orthu agus faitíos nach nglacfadh an pobal leo agus mar gheall gur beag seans go bhfaigheadh siad cothrom na féinne.

Cuirtear leagan drámatúil de na scéalta seo i láthair  i “Cogadh ar Mhná” ar bhealach ar leith trí úsáid a bhaint as focal na mban féin, nuair atá cuntas uathu féin ar fáil.   Tugtar guth d’fhocail na mban agus tugtar ardán dóibh den chéad uair le céad bliain agus féachtar an bhéim mhór a bhí ar lucht troda agus ar bheartaíocht mhíleata sa stair go dtí seo maidir leis an tréimhse sin a chur ina ceart.

Tá sé tábhachtach go n-inseofaí na scéalta seo – ba mhná leath den daonra le linn na réabhlóide in Éirinn. Ba mhó i bhfad mná a bhí i measc na sibhialtach ná a bhí páirteach sa chath – ach fágadh ar bhain leosan agus ar fhulaing siad ar lár as an stair mar a insítear é.

Insítear in Cogadh ar Mhná nithe nár dúradh cheana riamh, téitear go bun an údair sna scéalta seo agus bréagnaítear an tuiscint a bhí ann gur eisceacht a bhí sa chogadh in Éirinn le hais cogaí eile ar fud an domhain. Tá sé in am a tharla do na mná seo a insint, guth a thabhairt dóibh agus caint a dhéanamh faoin tslí ar caitheadh leo. Cuirimis ina cheart anois an failí a rinneadh san am a caitheadh agus tugaimis an fhírinne chun solais. Cuirtear tús leis sin sa chlár faisnéise seo.

Rinneadh ‘Cogadh ar Mhná’ a mhaoiniú le cabhair ó Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.

Taispeánfar Cogadh ar Mhná ar TG4 an 23 Meán Fómhair ag 9.30pm
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: