Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cluichí All-Ireland Gold ag teacht ar TG4

20.03.20


 
Dé Domhnaigh 22/3/20

14:45  Cill Chainnigh v Tiobraid Árann 2014. Cluiche ceannais iomána na hÉireann a chríochnaigh ar chomhscór don triú bliain as a chéile.

 

Dé Domhnaigh 29/3/20

13:50   Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1980  Luimneach v Gaillimh.

 

Dé Domhnaigh, 5/4/20

14:00 All Ireland Gold  
Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Gaillimh i 1990.
15:25 All Ireland Gold
Súil siar ar Chluiche Leathcheannais Peile na hÉireann 2013 idir Áth Cliath agus Ciarraí ar Pháirc an Chrócaigh. Aonghus Ó hEochaidh a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

Dé Luain, 6/4/20

20:00 Cluichí na Bliana
Tiobraid Árann v Loch Garman: Deis eile ceann de chluichí móra na bliana a fheiceáil. Cluiche Leathcheannais na hÉireann idir Tiobraid Árann agus Loch Garman.

 

Dé Domhnaigh, 12/4/20

14:00 All Ireland Gold
2004 Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan: Seo do dheis Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan 2004 idir Port Láirge agus Corcaigh a himríodh i nDurlas a fheiceáil. Bhí súil ag Port Láirge a dhara Chraobh na Mumhan le deich mbliana a bhaint amach. Bhí an-chluiche go deo ann le neart cúl agus duine a chur den pháirc.
15:25 All Ireland Gold
Súil siar ar Chluiche Ceannais Peile 2012 idir Dún na nGall agus Maigh Eo ar Pháirc an Chrócaigh. Garry Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta. Phlódaigh 82,269 duine Páirc an Chrócaigh le go bhfeicfeadh siad an mbeadh Dún na nGall in ann a gcéad Chraobh a thabhairt leo ó 1992.

 

Dé Luain, 13/4/20

19:45 Cluichí na Bliana
Cill Chainnigh v Luimneach: Deis eile ceann de chluichí móra na bliana a fheiceáil. Cluiche Leathcheannais na hÉireann idir Cill Chainnigh agus Luimneach.

 

Dé Domhnaigh, 19/4/20

14:00 All Ireland Gold
Súil siar ar Chluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann 1995 idir An Clár agus Gaillimh.
15:35 All Ireland Gold
Ciarraí v Dún na nGall: Súil siar ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Ciarraí agus Dún na nGall ar Pháirc an Chrócaigh. Fuair Dún na nGall an ceann is fearr ar Átha Cliath sa chluiche leathcheannais agus ba iad Ciarraí a thug leo an lá i gcoinne Mhaigh Eo sa chluiche leathcheannais eile. Seo é an chéad uair ag an dá fhoireann seo a bheith ag imirt i gcoinne a chéile i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Beidh Garry Mac Donncha i mbun tráchtaireachta.

 

Dé Luain, 20/4/20

20:00 Cluichí na Bliana
Deis eile ceann de chluichí móra na bliana a fheiceáil. Corcaigh v Gaillimh i gCluiche Ceannais Peile Mionúr na hÉireann urraithe ag Electric Ireland.

 

Dé Domhnaigh, 26/4/20

14:00 All Ireland Gold
Deis eile Cluiche Ceannais Iomána Sinsear na hÉireann na bliana seo idir Gaillimh agus Port Láirge a fheiceáil ar Pháirc an Chrócaigh. Garry Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.
15:35 All Ireland Gold
Doire v An Dún i gCraobh Peile Uladh – An Chéad Bhabhta i 1994.

 

Dé Luain, 27/4/20

20:00 Cluichí na Bliana
Tiobraid Árann v Corcaigh: Deis eile ceann de chluichí móra na bliana a fheiceáil. Tiobraid Árann v Corcaigh i gCluiche Ceannais Iomána Faoi 20 Bhord Gáis Energy.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: