Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Buaiteoirí an dúshláin See Yourself On Screen fógartha ag an BFI

01.07.20


 
Máistir-ranganna fíorúla 1-le-1 faighte ag buaiteoirí ó leithéid Konnie Huq, Reggie Yates, Jessica Hynes, Rob Delaney, Cheryl Taylor ó BBC Children, Harry Hill, Matthew Lewis, Amelia Dimoldenberg agus Robert Popper
 
Tá buaiteoirí an dúshláin See Yourself on Screen, trí Chiste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga (YACF), fógartha ag an BFI inniu.  Comórtas a bhí sa dúshlán a reáchtáladh ar fud na RA do dhaoine idir 4-18 mbliana agus a sheol an láithreoir teilifíse an Dr Ranj Singh an mhí seo caite. Tá máistir-ranganna fíorúla faighte ag cúig bhuaiteoir déag le meantóirí lena n-áirítear Rob Delaney, Reggie Yates, Harry Hill, Konnie Huq, Matthew Lewis agus Jessica Hynes, agus taispeánfar a gcuid cláracha teilifíse an mhí seo chugainn ar chainéil náisiúnta  mar Milkshake Channel 5, CITV, E4, S4C (Breatnais) agus TG4 (Gaeilge).

 

Faoin tionscnamh tras-tionscail seo, a fuair tacaíocht ó Animation UK, BAFTA Kids, an charthanacht oideachas scannán Into Film, Comhdháil Meán na Leanaí, Pact agus Scáileán Thuaisceart Éireann, iarradh ar dhaoine óga ó gach cearn den RA seó gearr teilifíse dá gcuid féin a dhéanamh a thabharfadh léiriú ar an saol mar atá siad á chaitheamh le linn na géarchéime sláinte. Sheol an BFI an dúshlán See Yourself on Screen mar chuid de Chiste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga arna riar ag an BFI agus a chuidíonn le hábhar teilifíse ar ardchaighdeán a chur ar fáil atá ina léiriú ceart ar shaol leanaí agus daoine óga sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn agus a chraoladh ar chainéil craoltóireachta seirbhíse poiblí saor ó tháille.

 

Chuir na céadta daoine óga isteach a gcuid físeán 30 soicind agus roghnaigh painéal gradamach de mholtóirí as an tionscal an 15 buaiteoir sa deireadh. Fuair na buaiteoirí máistir-ranganna fíorúla ansin ó phearsana mór le rá agus údarásacha i saol na teilifíse: Konnie Huq, Jessica Hynes, Rob Delaney, Cheryl Taylor, Harry Hill, Matthew Lewis, Amelia Dimoldenberg, Robert Popper agus Reggie Yates. Chuir gach meantóir comhairle agus treoir ar na hiomaitheoirí deiridh i dtaobh scríobh na scripte agus an próiseas scannánaíochta sular thug na hiomaitheoirí a gcuid smaointe chun fíre.

Déanfar na seónna atá dhá nóiméad ar fhad a chraoladh idir an 8-10 Iúil ar (Milkshake!) do leanaí 4-7 mbliana agus ar (CITV)do leanaí 8-3 bliana  agus craolfar buaiteoirí na dteangacha dúchais i mBreatnais (S4C) agus i nGaeilge (TG4), agus do dhéagóirí 14-18 mbliana (E4) an tseachtain dár tús an 13 Iúil.

 

Dúirt Jackie Edwards, Ceannasaí Chiste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga an BFI:

 

“Sheolamar and dúshlán See Yourself on Screen mar bhealach le hardán a thabhairt do dhaoine óga ó ar fud na Ríochta Aontaithe agus ar fud na hÉireann, a bhfuil an saol athraithe go mór orthu le linn dhianghlasáil Covid-19, agus bhí ríméad an domhain orainn go bhfuarthas an méid seo d’fhíseáin iontacha. Tá Ciste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga ann chun ábhar ar ardchaighdeán a chur ar fáil atá siamsúil agus a thugann léargas ar dhaoine ó ar fud na Ríochta Aontaithe agus ó ar fud na hÉireann, agus thug an dúshlán seo deis dóibh lena gcuid scéalta féin a insint ar an scáileán agus, ní hamháin sin, iad a chraoladh ar chainéal náisiúnta teilifíse; is ceiliúradh ceart é ar an bhféith cruthaitheachta atá ag ár gcuid daoine óga le go mbainfidh chuile dhuine sásamh astu.

 

“Ba deis iontach a bhí sa Dúshlán freisin dár gcomhghleacaithe sa tionscal atá dírithe ar chraolachán seirbhíse poiblí den scoth a chur ar fáil, teacht le chéile leis na daoine óga agus gníomh thar a bheith dearfach a dhéanamh don lucht féachana óg ó ar fud na Ríochta Aontaithe agus ó ar fud na hÉireann a bhfuil ról níos mó anois ag an teilifís ina saol le linn thréimhse na dianghlasála.

 

Seo a leanas cur síos ar thionscadail chríochnaithe na mbuaiteoirí, a ndearna siad scannánú orthu sa bhaile le linn na géarchéime, chomh maith lena gcuid meantóirí:

 

Catagóir aoise 4-7 (le craoladh ar Milkshake!)

  • ‘Squeaks and Wheeks’, treoir maidir le haire a thabhairt do do chuid muc guine féin arna chruthú ag Betsy as Cambridgeshire atá 4 bliana le cúnamh óna meantóir, an t-aisteoir, scríbhneoir agus réalta Paddington 2, Jessica Hynes
  • ‘Home But Not Alone’, monalóg filíochta a théann i ngleic leis na buntáistí agus míbhuntáistí a bhí leis an ordú fanacht istigh ó Joshua, atá 7 mbliana, as Co Aontroma le meantóireacht ón aisteoir, scríbhneoir agus réalta i Harry Potter, Matthew Lewis
  • ‘Sophia and Luisa’s Cookie Kitchen’, seó cócaireachta ón gcúpla Sophia agus Luisa, atá 6 bliana, as Gwynedd sa Bhreatain Bheag, le cabhair ón láithreoir teilifíse agus scríbhneoir Konnie Huq.

 

Catagóir aoise 8-13  (le craoladh ar CITV!)

  • ‘Kyle & Sam’s Allotment Lockdown’, treoir spraíúil agus eolasach le bheith ag garraíodóireacht, ag cur agus do bhia féin a chur ag fás arna chruthú ag Kyle, atá 9 mbliana, as Réigiún Lár na Tíre Thiar (le cabhair óna dheartháir óg, Sam) agus le cúnamh ón aisteoir, fear grinn agus pearsa mór Catastrophe Rob Delaney.
  • ‘What are you really missing?’, sceitse grinn carachtair faoi do theaghlach a aireachtáil uait le linn na géarchéime arna cheapadh ag Ruby Forrester, as Siorrachd Lannraig a Tuath, Albain (ach atá ina cónaí anois i Buckinghamshire).  Ba é an fear grinn agus scríbhneoir Harry Hill a thug treoir di.
  • ‘When Kids Rule,Parents Drool’ – seó cruthaitheach cluichí a ndéantar tuismitheoirí a dhiancheistiú. Josiah, buachaill 10 mbliana, as Cheshire a cheap an seó le cúnamh ó Cheryl Taylor, Ceannasaí Ábhar do Leanaí an BBC.

 

Catagóir aoise 14-18 (le craoladh ar E4!)

  • ‘Lock-DIY-Down’ – léiriú barúil ar thogra Déan tú féin é arna cheapadh ag Sameera, atá 16 bliana, as Essex, faoi stiúir Robert Popper a cheap Friday Night Dinner
  • ‘The Guide To A Fun Lockdown’, beochan cruthaitheach faoi dhéagóir atá coinnithe istigh le linn na géarchéime. Is é Harvey atá 17 mbliana, as East Sussex a chum agus a cheap le cúnamh ón mbean ghrinn Amelia Dimoldenberg, a cheap Chicken Shop Date.
  • ‘Charlie’ clár faisnéise gearr a thugann léiriú ar na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do dhéagóir trasinscne. Holly, atá 14 bliana, as North Yorkshire Thuaidh a cheap an clár le treoir ón gcraoltóir, scríbhneoir agus stiúrthóir Reggie Yates.

 

Catagóir aoise 8-13 (le craoladh ar S4C i mBreatnais) –

  • ‘PethauCwl (‘Cool Stuff’), scannán spraíúil, gonta a fhéachann ar bhealaí chun úsáid a bhaint as maisíochtaí speisialta i dtograí scoile agus caithimh aimsire éagsúla. Ianto, atá 12 bhliain, as Carmarthenshire a cheap an clár le comhairle ón láithreoir teilifíse Owain Williams
  • ‘Bachgen erbyn Natur’ (‘Boy by Nature’) – clár ina dtugann buachaill óg faoi dhomhan an dúlra agus leagan dúshláin fhisiciúla amach dó féin. Osian, buachaill 10 mbliana, as Ceredigion atá i mbun an chláir seo le treoir ó Owain Williams.
  • ‘Lolianefo Elan’ (Lolz with Elan), – scannán atá lán le cleasanna agus spraoi atá gach duine ábalta a thriail sa bhaile. Elan as Gwynedd atá 9 mbliana atá i mbun an scannáin seo le treoir ón láithreoir teilifíse Owain Williams.

 

 

Catagóir aoise 8-17 (le craoladh ar TG4 i nGaeilge) –

  • ‘Tóraíocht na Scáileán’ (‘Screen Hunt’) cuardach spraíúil ar scáileán/ghaireas é seo ó Róise Nic Ruairí as Dún na nGall, atá 11 bhliain, le cúnamh ón láithreoir teilifíse agus aimsire Caitlín Nic Aoidh
  • Ag déileáil le Covid’(‘Dealing with Covid’), – seó cluichí, dúshlán agus gníomhaíochtaí arna cheapadh ag Lucy as atá trí bliana déag, as Contae Aontroma.  Is í an láithreoir teilifíse, léiritheoir agus iriseoir Caoimhe Ní Chathail a thug treoir di.
  • ‘Damhsatríd andianghlasú’ (‘Dance in intense lockdown’), – mar a d’fhoghlaim pearsa an chláir seo damhsa Gaelach le linn dhianghlasáil Covid 19. Ciarán as Dún na nGall, atá sé bliana déag, a cheap an clár le cúnamh óna mheantóir, Micheál Ó Ciaraidh TG4.

 

 

—————————Críoch———————————–

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:

 

Charlotte Prentice, Stiúrthóir, Multitude Media North

07969959037/ charlotte.prentice@multitudemedia.co.uk

 

Judy Wells, Stiúrthóir, Preas & Caidreamh Poiblí, BFI

020 957 8919 / 07984 180 501 / judy.wells@bfi.org.uk

 

Colette Geraghty, Bainisteoir Sinsearach, Caidreamh Poiblí, Gnóthaí Corparáide, Tionscail agus Comhpháirtíochta, BFI

020 7173 3256 / 07771 980 231 / colette.geraghty@bfi.org.uk

 

Maidir le Ciste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga:

 

Le Ciste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga (YACF), faoi bhainistíocht BFI, cuidítear le hábhar sainiúil ar ardchaighdeán a chruthú do dhreamanna den lucht féachana faoi bhun 18 bliana d’aois. Beidh suas le £57 milliún, i rith thréimhse phíolótach trí bliana, á chaitheamh ar ábhar sainiúil ar ardchaighdeán do leanaí agus do dhaoine óga a chraolfar ar chainéil teilifíse saor ó tháille faoi rialú Ofcom agus ar bhealaí ar líne.

 

Rialtas na Ríochta Aontaithe a chuireann airgead ar fáil don chiste mar chuid den Chiste Iomaíochta ag Roinn na Meán Digiteach, an Chultúir, na Meán Cumarsáide agus an Spóirt. Tá de chuspóir leis an gCiste go gcuirfí modhanna nua ar fáil do chruthaitheoirí ábhair nuacheaptha agus go dtabharfaí daoine nua i lár an aonaigh chomh maith le bonn treise a chur faoi ábhar siamsaíochta agus ábhar eolais atá ina léiriú ar an saol mar atá á chaitheamh ag daoine óga atá ag éirí aníos ar fud na Ríochta Aontaithe agus in Éirinn sa lá atá inniu ann. www.bfi.org.uk/yacf www.bfi.org.uk/yacf

 

Is é BFI an eagraíocht is mó sa Ríocht Aontaithe maidir le scannánaíocht, teilifís agus íomhánna beo. Cumann carthanachta atá ann i réimse an chultúir lena bhfuil na feidhmeanna seo a leanas:

  • Coimeádaíocht ar an gclár poiblí is fairsinge ar domhan de scannáin idirnáisiúnta agus a chur i láthair don lucht féachana i bpictiúrlanna, ag féilte agus ar líne
  • Cúram de Chartlann Náisiúnta BFI – an chartlann scannánaíochta agus teilifíse is suntasaí ar fud an domhain
  • An chéad ghlúin eile de lucht scannánaíochta a aimsiú agus cúnamh taca a thabhairt dóibh
  • Oibriú leis an Rialtas agus le lucht an tionscail chun an Ríocht Aontaithe a bheith ar an áit is spreagúla ó thaobh cruthaitheachta agus is rathúla ar fud an domhain ar fad maidir le scannán a léiriú ann

 

Carthanas cláraithe faoi rialú Cairte Ríoga atá sa BFI a cuireadh ar bun sa bhliain 1933. Tá Bord Gobharnóirí BFI faoi chathaoirleacht Josh Berger CBE.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: