Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bliain rathúil a bhí i 2019 do TG4 mar a léirítear sa Tuarascáil Bhliaintiúil

03.07.20


 
Den chéad uair riamh, bhí TG4 ar an 6ú cainéal is mó féachana in Éirinn. D’aimsigh TG4 71% de phobal labhartha na Gaeilge sa lucht féachana, leibhéal an-ard rannpháirtíochta. Caitheadh €26.3m ar ábhair Ghaeilge i 2019.
 

  • An 6ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn 
  • 24% Méadú ar amhairc físe ar sheinnteoir TG4. 
  • 174% Méadú ar amhairc físe ar na meáin shóisialta 
  • €26.3m caite ar ábhar Gaeilge
  • €23m caite ar earnáil na léiriúchán neamhspleách
  • 1,023 post cruthaithe go náisiúnta. 

Lean TG4 le cultúr agus cruthaitheacht na hÉireann a chur chun cinn, tallann nua a chothú agus tionscnaimh nua dhigiteacha a sheoladh.  Tháinig méadú ar lucht féachana TG4 ar aer agus ar na hardáin neamhlíneacha. Chuir TG4 le geilleagar na tíre tríd an tacaíocht a tugadh don earnáil léiriúchán neamhspleách. Léiríonn an bhéim atá ag TG4 ar an gcultúr, ceol agus na healaíona agus ar chur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo an tábhacht atá leis an gcainéal mar an chraoltóir seirbhíse náisiúnta Gaeilge agus an t-seirbhís a chuireann TG4 ar fáil do lucht féachana na hÉireann agus don diaspóra ar fud an domhain.

Tháinig méadú ar sciar lucht féachana náisiúnta TG4 i 2019 go 1.84% (comhdhlúite, 2.02% beo) agus den chéad uair riamh, bhí TG4 ar an 6ú cainéal is mó lucht féachana i margadh teilifíse na hÉireann.   Aimsíodh 71% de phobal labhartha na Gaeilge sa lucht féachana i 2019, leibhéal an-ard rannpháirtíochta leis an gcroí lucht féachana.  Tháinig méadú mór ar lucht féachana ar an seinnteoir le linn 2019. Bhí méadú ar rannpháirtíocht agus ar amhairc físe ar fud ardáin meán sóisialta TG4 freisin. 

Spreagann TG4 an earnáil léiriúchán neamhspleách sna réigiúin, i gceantair Ghaeltachta go háirithe. I 2019, rinne TG4 infheistíocht €23m san earnáil léiriúchán neamhspleách in Éirinn, €21m de sin a caitheadh ar chomlachtaí léiriúchán neamhspleách sna réigiúin. De bharr comhpháirtíocht TG4 le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, Fís Éireann agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann, cuireadh léiriúcháin Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil. Leagann TG4 béim mhór ar thacú le tallann nua a thabhairt chun cinn sa tionscal. Thionscain TG4 scéim forbartha oiliúna i gcomhpháirt le hÚdarás an Gaeltachta agus leis an earnáil neamhspleách léiriúchán chun cabhrú le daoine a bheadh ag dul ag obair sa tionscal den chéad uair taithí phraiticiúil a fháil.

Ba iad cláracha spóirt, faisnéise, ceoil thraidisiúnta, ábhar do leanaí na bunchlocha a bhí sa sceideal craolacháin ar TG4 i 2019. I measc bhuaicphointí na bliana, bhí an t-sraith faisnéise ‘Finné’, a thug léiriú ar an teacht aniar atá i ndaoine i gcúinsí anróiteacha; ‘Tabú’, a chumhdaigh ábhair mar easpa dídine, an córas soláthair dhírigh agus trasinscne in Éirinn; agus ‘Uchtú – Evanne Ní Chuilinn’, a thug léargas ar scéal an uchtaithe in Éirinn. Sraitheanna nua eile a thug léiriú ar shaol na Gaeltachta ná ‘Bailte’, ina bhfiosraíodh bailte fearainn agus pobail in Éirinn agus ‘Bádóirí’ faoi sheacht dteaghlach a thugann faoi gheallta bád na Húicéirí. Bhí an-tóir arís i 2019 ar Nuacht TG4 agus ar Ros na Rún i measc an chroílucht féachana. 

Lean TG4 d’ábhar a chur ar fáil le linn na bliana 2019 a thugann léiriú ar shaol agus ar chultúr na hÉireann. Ba údar ceiliúrtha do TG4 go raibh 56,114 duine i láthair i bPáirc an Chrócaigh do Chraobh Pheil na mBan i mí Mheán Fómhair, an líon is mó riamh. Chinntigh an clúdach cuimsitheach a rinneadh ar ócáidí spóirt eile ar nós Craobhchomórtais na gClubanna, Faoi 20 agus Comórtas Peile na Gaeltachta agus ar imeachtaí cultúir Oireachtas na Gaeilge, Fleadh Cheoil na hÉireann agus Gradam Ceoil TG4 go raibh TG4 i gcroílár imeachtaí náisiúnta.

Rinne TG4 infheistíocht €1.85 milliún in ábhar do pháistí sa bhliain 2019, as a d’eascair cláir nua coimisiúnaithe, ‘IS MISE’ agus ‘Ár gClub’ ina measc.  D’fhéach TG4 le freastal ar dhá phobal féachana éagsúla tríd na brandaí ‘Molscéal’ agus ‘BLOC’. Díríonn ‘Molscéal’ ar ábhar digiteach don chroílucht féachana Gaeilge agus díríonn ‘BLOC’ ar ábhar don lucht féachana óg ar líne.  Chomh maith leis sin rinne TG4 infheistíochta i bhfadscannáin Ghaeilge rud a spreagfaidh lucht féachana d’ábhar Gaeilge sna pictiúrlanna. Seoladh ‘Finky’, an chéad fhadscannán de chuid Cine4, ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2019 agus taispeánadh ‘Arracht’ den chéad uair sa bhfómhar ag Féile Scannán Tallinn san Eastóin. Bhíothas i mbun léiriúcháin ar dhá scannán eile sa bhliain 2019 agus bhí péire eile á fhorbairt.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, ”Bhí bliain an-mhaith ag TG4 in 2019 maidir le lucht féachana, an chéad bhliain riamh go raibh muid ar an 6ú cainéal is mó féachana in Éirinn, sin chun cinn ar leithéid BBC Two agus Channel 4. Ar-líne freisin, trí sheinnteoir TG4, tá teacht ar TG4 ar fud an domhain agus ábhar Gaeilge TG4 ar fáil don lucht féachana domhanda saor in aisce. I mBuiséad an Rialtais ag tús Mhí Dheireadh Fómhair 2019, tugadh allúntas breise €1m do TG4 don bhliain 2020. Go dtí seo, níl ach €3.5m tugtha den €6m a bhí molta ag an BAI agus tá bearna charnach €9.87m i maoiniú iomlán TG4. Beimid ag leanúint arís lenár bhfeachtas chun an leibhéal maoinithe atá molta ag an BAI a bhaint amach do 2021. Ba mhaith liom féin go pearsanta buíochas ó chroí a chur in iúl do mo chuid comhghleacaithe anseo i TG4. Tá mé fíor-bhródúil as na foirne léiriúcháin ar fad ar fud na tíre as an éacht seo a bhaint amach in 2019. Ní neart go cur le chéile.’

Dúirt Cathaoirleach Bhord TG4, Siún Ní Raghallaigh, “Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an uile dhuine a oibríonn i TG4, faoi threoir lánábalta Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir. Tá TG4 níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh sa ré ina bhfuilimid, go bhfuil ábhar cruthaitheach sainiúil de chuid na hÉireann á léiriú i gcónaí, agus go seasann an chuid is fearr den ábhar sin an fód ar an margadh idirnáisiúnta agus cultúr agus cruthaitheacht na hÉireann curtha os comhair an tsaoil mhóir.”
 
Is féidir teacht ar Thuarascáil Bhliantúil 2019: CLICEÁIL ANSEO… 

 

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: