Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bliain Nua Amach Romhainn ar TG4

06.01.20

Creative Company ag tosú Déardaoin 9:30pm 

Tá Pablo Picasso san Oifig. Cé aige a mbeidh an gradam? 

Sraith úrnua siamsaíochta a bhaineann le healaíon atá i Creative Company a bheidh á craoladh ar TG4 ón 9 Eanáir agus a rachaidh i bhfeidhm go mór ar shamhlaíocht mhuintir na tíre agus ina rachfar sa tóir ar an ionad oibre is cruthaithí in Éirinn.  An mbeidh gnáthoibrithe ábalta tarraingt le chéile agus píosa ealaíne a chruthú?  An bhféadfadh go bhfuil lucht glantacháin an chomhlachta níos cruthaithí ná an Príomhfheidhmeannach? An éireoidh le hionad oibre sa dúshlán ealaíne agus píosa ealaíne poiblí ar scála mór a chruthú i gcomhar?
 
 
TABÚ – Dé Céadaoin 9:30pm

Sraith nua de Tabú, sraith faisnéise ionraic a thabharfaidh léargas fíorspéisiúil ar Éirinn sa lá atá inniu ann. Faoi thrácht sa dara sraith beidh daoine, áiteanna agus ábhar a thabharfaidh léargas spéisiúil ar shochaí na tíre mar atá sa lá atá inniu ann, ábhair nach ndéantar mórán cainte fúthu. I measc an ábhair beidh Easpa Dídine, Páistí a bhfuil fadhbanna sláinte ainsealacha acu, Ailléirgí, Soláthar Díreach, Pobal Trasinscneach na hÉireann, Oibrithe Leighis sa líne thosaigh ar fud na cruinne, Dúshlán na nIascairí, An Garda Cósta agus deireadh le portaigh Bhord na Móna.  Sa chéad chlár beidh léargas ar earnáil na hiascaireachta in Éirinn. Tá an earnáil ar cheann de na hearnálacha is mó a bhfuil rialú déanta uirthi in Éirinn. Caitear 8 mí i dteannta iascairí as Oirdheisceart na tíre atá ar a ndícheall ag dul i ngleic le cúrsaí polaitíochta, polasaithe, córas na gcuótaí gan trácht ar an teiscinn mhór féin. 
 
 

Catch-22 –  Dé Céadaoin 10:30pm ón 8ú Eanáir

Bunaithe ar úrscéal Joseph Heller den ainm céanna scéal é Catch 22 faoi Yossraian (Christopher Abbott), oifigeach in Aer Chór Mheiriceá le linn Chogadh Domhanda II atá le ceangal go bhfuil na mílte duine nach bhfaca sé riamh ag iarraidh é a mharú! Ach ní hé an namhaid is measa dó ach a arm féin a bhíonn seasta ag cur le líon na misean a chaithfidh na fir a thabhairt i gcrích sular féidir leo éirí as. Ach má shíleann Yossarian imeacht óna chuid dualgas beidh sé ag sárú riail ar a dtugtar Catch-22 – riail áiféiseach a bhfuil na fir idir an bád agus an balla ceart aige. Stiúrthóir George Clooney. 
 
 

Scannán an Luain –  Gach Luan 9:30pm

Atonement  6ú Eanáir 9:30pm
(2007, Dráma) Keira Knightley, James McAvoy agus Brenda Blethyn na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jow Wright. Cuireann Briony Tallis, cailín óg trí bliana déag, coir nach ndearna sé, i leith an fhir atá ag dul in éineacht lena deirfiúr. Bunaithe ar úrscéal grá Ian McEwan.
 
Criminal 13ú Eanáir 9:30pm
(2016, Coirscéal Aicsin) Kevin Costner, Ryan Reynolds agus Gal Gadot na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ariel Vromen. Déantar cuimhní, rúin agus scileanna ghníomhaire CIA, atá tar éis bháis, a chur in inchinn phríosúnach atá le cur chun báis.

Inside Llewyn Davis 20ú Eanáir 9:30pm
(2013, Scannán Grinn, Dráma) Oscar Isacc, Carey Mulligan agus John Goodman na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ethan agus Joel Coen. Caitear seachtain i dteannta fonnadóir óg – fad a bhíonn sé ag déanamh a bhealaigh trí Shráidbhaile Greenwich, lárionad an cheoil tíre sna seascaidí.

American Made 27ú Eanáir 9:30pm
(2017, Scannán Aicsin, Coiriúlacht) Earcaíonn an CIA píolóta le dul i mbun cheann de na misin is mó faoi cheilt riamh i stair Mheiriceá. Scéal Barry Seal, píolóta as Meiriceá a bhí ina smuigléir drugaí i misean faoi rún leis an CIA sna 1980í, misean ar a dtabharfaí an Iran-Contra Affair ina dhiaidh sin. Is iad Tom Cruise agus Domhnall Gleeson na príomhaisteoirí.
 
 

Sé Mo Laoch Dé Domhnaigh 9:30pm ag tosú 12ú Eanáir

Sraith Nua: Scéalta agus ceol mhórlaochra an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta in Éirinn. Sraith í seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar roinnt de na ceoltóirí agus na hamhránaithe is fearr aithne sa tír agus léireofar an éagsúlacht mhór atá idir na stíleanna ceoil agus idir na ceoltóirí traidisiúnta in Éirinn. I measc na n-aíonna, beidh an giotáraí Steve Cooney, an t-amhránaí Oiriall & an cumadóir Pádraigín Ní Uallacháin, fear na feadóige móire Patsy Hanly, an boscadóir den scoth Máirtín O’Connor agus craoltóir Paddy Glackin. Is é Steve Cooney a chuirfidh tús leis an tsraith.

 
 

Glór Tíre ag tosú Dé Máirt 7ú Eanáir 9:30pm 

Tá TG4 ar thóir an chéad réalt eile ceoil tíre. Tá an tsraithchomórtas ceoil tíre ‘Glór Tíre’ ar ais. Tá seisear iomaitheoirí as gach cearn den tír sa tóir ar chraobh na bliana seo. Beidh réaltaí móra an cheoil tíre ag tacú leo le linn na sraithe agus iad sa tóir ar vótaí ón bpobal. Beidh moltóirí an chláir – John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide – ag iarraidh treoir a thabhairt do na hiomaitheoirí. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Séamus Ó Scanláin. I measc réaltaí móra na bliana seo beidh Patrick Feeney, Mike Denver, Trudi Lalor, John McNicholl, Ciarán Rosney agus Jim Devine.
 
 

GAA Beo – Dé Domhnaigh 19ú Eanáir 1:30pm
Craobh Club AIB – Craoladh beo ar Chluichí Ceannais Sinsir na hÉireann sa pheil agus san iomáint. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill le tráchtaireacht ó Brian Tyers agus Marcus Ó Buachalla. 

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: