Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradam an Lucht Féachana buaite ag Arracht ag an gcéad taispeántas den scannán sa Ríocht Aontaithe agus Gradam don Scannán Éireannach is Fearr buaite aige i mBaile Átha Cliath

09.03.20

Arracht, fadscannán Gaeilge a rinneadh mar chuid den tionscnamh Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Tionscnamh nua é Cine4 chun fadscannáin úrnua Ghaeilge a fhorbairt. Taispeánadh Arracht den chéad uair ar domhan ag an 23ú Féile Scannán Tallin Black Nights, san Eastóin i mí na Samhna, taispeánadh den chéad uair in Éirinn é ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mí Feabhra agus is ag Féile Scannán Ghlaschú a taispeánadh don chéad uair é sa Ríocht Aontaithe an tseachtain seo caite. Tá moladh mór faighte ag an scannán go dtí seo agus beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna anseo in Éirinn ón 3ú Aibreán.

 

 

Scannán lánfhada ó Tom Sullivan is ea Arracht arna léiriú ag Cúán Mac Conghail do Macalla Teo agus ina bhfuil Dónal Ó Héalaí sa phríomhpháirt.

 

In Éirinn sa bhliain 1845 atá an scannán seo suite agus insítear scéal Cholmán Sharkey, iascaire, fear atá pósta agus a bhfuil clann aige, a thugann dídean d’fhear strainséara ar ordú ón sagart. Ní bhíonn Patsy, iarshaighdiúir, i bhfad sa tír nuair a bhuaileann ‘an dúchan’ na fataí. An Gorta Mór a thoradh uirthi agus caitheann na milliúin daoine imeacht as an áit nó bás a fháil.

 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont “Tréaslaíonn TG4 le Arracht an t-aitheantas atá faighte aige ón lucht féachana ar an gcéad taispeáint den scannán sa Ríocht Aontaithe. Tá ábhar Gaeilge a sholáthar ar gach ardán i gcroílár fhís TG4 don lucht féachana agus cuirtear scannáin Ghaeilge de scoth an domhain ar fáil le maoiniú Cine 4 a bhíonn le taispeáint i bpictiúrlanna. Tá moladh mór faighte ag Arracht ó taispeánadh den chéad uair é ag Féile Scannán Tallinn i mí na Samhna agus le Gradam an Lucht Féachana tugtar aitheantas do chumas agus do scileanna na foirne léiriúcháin i margadh closamhairc domhanda. “

 

Bronnadh gradam don Scannán Éireannach is Fearr ar Arracht freisin inné ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus bronnadh an gradam don Aisteoir is Fearr ar Dhónal Ó Héalaí ag faoi Ghradam Aimsithe Aer Lingus mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: