Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

13 Ainmniúchán faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA 2020

14.07.20


 
Teistiméireacht eile do d’ardchaighdeán TG4 cláir dá chuid a bheith ainmnithe do Ghradaim IFTA na bliana seo. Foilsíodh na hainmniúcháin inniu. Tá cláir de chuid an chainéil Gaeilge ainmnithe do 13 ghradam.

Tá 11 ainmniúchán faighte ag Arracht agus tá 2 ainmniúchán faighte ag Finky do Ghradaim IFTA 2020.

Scannáin ó Cine4 iad Arracht agus Finky, tionscnamh, i gcomhar idir TG4, Fís Éireann agus an BAI, chun fadscannáin úrnua Ghaeilge a fhorbairt. Blaiseadh den dá scannán ar fáil anseo www.Cine4.ie
 
Scannán lánfhada le Tom Sullivan é Arracht, arna léiriú ag Cúán Mac Conghail do Macalla. Is iad Dónall Ó Héalaí, Michael McElhatton, Siobhán O’Kelly atá sna príomhpháirteanna agus tugann Saise Ní Chuinn, nach bhfuil ach 11 bhliain déag léiriú álainn ina céad scannán seo Arracht . Scéal uaigneach é seo faoin gceann is fearr a fháil ar an mbrón agus do dhícheall a dhéanamh teacht tríd. Tá an scannán seo suite in Éirinn sa bhliain 1845 agus dírithe ar an iascaire Colmán Sharkey, a thugann áit le fanacht do strainséir, Patsy, a bhí ina shaighdiúir tráth díreach sular bhuail an dúchan – an galar a tháinig ar bharra agus a raibh an Phlá Mór mar thoradh air, a mharaigh agus a chuir leis na milliúin daoine a chur as a n-áit féin, an tír. Rinneadh Arracht a scannánú ina iomlán i gConamara ar chósta thiar na hÉireann. Áirítear ar na daoine eile sa chliar Dara Devaney, Peter Coonan, Seán T. Ó Meallaigh agus Michelle Beamish.

Taispeánadh Arracht den chéad uair ar domhan ag an 23ú Féile Scannán PÖFF Tallin Black Nights, san Eastóin i mí na Samhna, taispeánadh don chéad uair in Éirinn é ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mí Feabhra, is ag Féile Scannán Ghlaschú a taispeánadh den chéad uair é sa Ríocht Aontaithe agus ag Féile Stockfish san Íoslainn. Tá moladh mór tugtha ag léirmheastóirí don scannán go dtí seo.
 
Abú Media Film Productions a léirigh Finky. Dathaí Keane (An Klondike) a stiúir, Dathaí Keane agus Diarmuid de Faoite a bhí i mbun na scríbhneoireacht, arna léiriú ag Eileen Seoighe agus Pierce Boyce. Tá an t-aisteoir a bhfuil Gradam IFTA buaite aige, Dara Devaney sa phríomhról. Is é Cathal Watters an Stiúrthóir Scannánaíochta.
Fadscannán drámaíocht shíceolaíoch is ea Finky ina n-insítear scéal Micí Phincí Ó Foghlú, ceoltóir óg a raibh drochshaol aige agus a chaill lúth na gcos i dtimpiste cairr agus a fhaigheann seans saol maith a chaitheamh arís nuair a fhaigheann sé post i sorcas foréigneach, avant-garde. Bronnadh an Gradam don Cineamatagrafaíocht is Fearr ar Finky ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2019.
 
Tá sonraí beachta ar ainmniúcháin TG4 ar ghearrliosta ghradaim IFTA 2020 le fáil thíos. Is iad na Gradaim IFTA na gradaim is mó le rá sa tionscal scannán agus drámaíochta in Éirinn.
 
Rinne Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, comhghairdeas le léiriúcháin TG4 a cuireadh ar ghearrliosta IFTA na bliana seo agus dúirt, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí bainteach leis na fadscannáin Cine4, ‘Arracht’ agus ‘Finky’.  Mar cheann de chraoltóirí seirbhíse poiblí na hÉireann, tá ról lárnach ag TG4 maidir le geilleagar cruthaitheach na hÉireann a spreagadh. Chreid muid i gcónaí go mbeadh éileamh láidir ar scannáin Cine4 agus creideann muid freisin go n-osclóidh Cine4 doirse go hidirnáisiúnta do léiritheoirí scannáin na hÉireann.”

 
CRÍOCH
 

IFTA 2020   – Ainmniúcháin TG4

An Scannán is Fearr

Arracht (arna léiriú ag Macalla)
 
Aisteoir sa Phríomhról – Scannán

Donall Ó Héalaí- Arracht (arna léiriú ag Macalla)

Dara Devaney – Finky   (arna léiriú ag Abú Media)
 
Aisteoir i Ról Tacaíochta – Scannán

Dara Devaney – Arracht
 
Stiúrthóir – Scannán

Tom Sullivan– Arracht
 
Script – Scannán

Tom Sullivan– Arracht
 
Cineamatagrafaíocht

Katie McCullough Arracht
 
Dearadh Léiriúcháin

Pádraig O’Neill– Arracht
 
Dearadh Feistis

Clodagh Deegan– Arracht
 
Smideadh & Gruaig

Niamh O’Loan –Arracht

Louise Myler Finky
 
Fuaim

Brendan Rehill & Alan Scully – Arracht
 
Buncheol

Kila Arracht

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: