Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá sé fógartha ag TG4 go bhfuil Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide ag an stáisiún.

Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide ag TG4

16.07.19

Roimhe seo bhí Deirdre ina heagarthóir ar MOLSCÉAL, ardán ar líne TG4, ó cuireadh tús leis i 2017.  Bhí Deirdre ag stiúradh na feachtais mhargaíochta ar líne a bhain leis na cláir ‘Bádóirí’, ‘Bailte’, ‘Glór Tíre’ agus ‘Opry le Daniel’ le bliain anuas freisin.

Tá taithí fhairsing ag Deirdre le TG4; mar léiritheoir agus stiúrthóir ó 2003 leis na cláir stiúideo ‘7 Lá’, ‘Comhrá’, ‘Róisín’ & ‘Léirmheas Leabhar’.

Bhí ról lárnach ag Deirdre i ngach craoladh toghcháin de chuid TG4 ó 2002 ar aghaidh, le Páidí Ó Lionáird, Breandán Delap agus foireann Nuacht TG4 agus 7 Lá.

Ag fógairt an ceapachán inniu, deir Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha & Comhpháirtíochta TG4:

“Cuirfimid fáilte roimh cheapachán Deirdre Ní Choistín sa ról seo. Tá taithí nach beag aici ar ghnéithe éagsúla d’earnáil na craoltóireachta agus tuiscint aici ar straitéis agus pobail TG4. Tá taithí eagarthóireachta agus léirithe aici ar réimse clár, ó chúrsaí reatha go hábhar siamsaíochta;  agus taithí ghrinn aici freisin i réimse na cumarsáide dhigitigh ina ról ar ardáin Molscéal agus TG4.   Níl amhras orm ach go dtabharfaidh sí faoina cúram nua le díograis agus fuinneamh le deimhniú go bhfuil an pobal ar an eolas faoi chláir agus seirbhísí TG4.”

Tógadh Deirdre i gCo. Chill Dara, is as An Rinn a hathair agus as Ceatharlach a máthair.  D’fhreastal sí ar Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin; ceann de na céad Gaelscoileanna sa tír. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis i gColáiste na Tríonóide, BÁC, sular thug sí a  haghaidh siar go Gaillimh chun tabhairt faoin Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach.  Is as sin a fuair sí post i TG4, ag aois a 22.

Tá sí pósta ar Bhreandán Ó Conláin, as an Spidéal, agus is ann a bhfuil cónaí orthu agus a gceathrar mac, Finian, Fiachra, Darach agus Éanna.

Beidh Deirdre ag dul i mbun a cuid cúraimí nua i lár mí Lúnasa.

Tuilleadh Eolais:
Trevor Ó Clochartaigh, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie (087)2476624

Cuir aithne orainn: