Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Greann, gruaim agus gean i gcroílár sceideal nua Fómhair TG4
#Fómhar18

Seoladh an Fhómhair 2018

05.09.18

Tá gach mothúchán le brath i sceideal nua Fómhair TG4, a seoladh inniu ag ócáid spleodrach sa Tribeton, i nGaillimh.

Beidh neart spraoi agus grinn le fáil sa réimse leathan clár siamsaíochta a bheidh le feiceáil ar an stáisiún sa bhFómhair le leithéidí Hector, Dáithí Ó Sé, Daniel O’Donnell  agus aíonna spéisiúla as áiteanna go leor.

Tá na ‘Underdogs’ ar ais tar éis briseadh deich mbliana agus na peileadóirí aitheanta Paul Galvin, Valerie Mulcahy & Ray Silke ag cur neart brú agus ag cothú coimhlint ghéar idir na hiomaitheoirí díograiseacha.

Tá buairt & briseadh croí sna cláir láidre faisnéise ‘Finné’ & ‘Tabú’, á gcur i láthair ag an iriseoir aitheanta Orla O’Donnell agus an réalta raidió Eoghan McDermott araon. Pléifidh na cláir le hábhar conspóideach a bhaineann le cearta a bheith á sárú agus mórcheisteanna i sochaí na linne.

Tá an clár seachtainiúil cúrsaí reatha ‘7 Lá’ agus an sár-shraith faisnéise ‘Fíorscéal’ ar ais freisin agus muid ag tosú le céad chraoladh scannán cumhachtach John & Gerry McColgan, ‘This is Palestine’ oíche Déardaoin an 6 Meán Fómhair.

Tá sraitheanna úrnua, spéisiúla freisin againn maidir le stair, seanchas agus traidisiún an bhia in Éirinn – ‘Blasta’ agus bliain i saol na foirne in óstán clúiteach, tuaithe an ‘Shandon’ i dTír Chonaill.

Tugann sraitheanna ar nós ‘Bailte’, ‘Gaeil UK’, ‘Turas Bóthair’, ‘Beidh Aonach Amárach’ agus ‘Bádóirí’ léargas ar shaol na ngnáthdhaoine agus ar phobail faoi leith in Éirinn agus sa Bhreatain, ar bhealach cruthaitheach agus siamsúil.

Tá cúrsaí spóirt ag dul ó neart go neart ar TG4 agus muid ag teannadh le buaicphointe chraobhchomórtas Pheil na mBan idir Corcaigh & Áth Cliath. Craolfar clár nua beo ó Theach an Ardmhéara an oíche roimh an gcluiche mór an 15 Meán Fómhair ar a mbeidh neart ceoil, réaltaí spóirt agus mná cumasacha i lár an aonaigh.

Beidh scoth na gcluichí againn ó chomórtas Rugbaí an PRO14 agus is ar na cluichí Ceannais Contae agus ar Chraobh na gClubanna AIB i bpeil agus san iomáint a bheidh an bhéim idir Deireadh Fómhair agus Nollaig 2018 agus cluiche mór beo gach Domhnach.

I sraith nua de ‘Laochra Gael’ tabharfar léargas ar shaol pearsanta roinnt de na himreoirí is cumasaí agus is fearr a bhí riamh ann – Jackie Tyrell, Rena Buckley & Colm Cooper ina measc.

Beidh a mhacasamhail de shraith againn ó thaobh pearsana móra an cheoil chomh maith is Frankie Gavin, Alec Finn, Arty McGlynn & Sarah Ghriallais faoi chaibidil sa tsraith faisnéise ceoil, ‘Sé Mo Laoch’. Agus mar is dual do TG4, beidh scoth an cheoil againn arís sna cláir ‘Gradaim Cheoil TG4’, ‘Tradfest’, ‘Lurgan 2K18’, ‘Junior Eurovision’. Agus togha an cheoil tíre in ‘Opry le Daniel’, ‘Glór Tíre’ agus ó na ‘Irish Post Country Music Awards’, a bheidh ag teacht beo ó Fhóram na Mílaoise i nDoire, an 11 Meán Fómhair.

Tá béim faoi leith á cur ag TG4 ar chraoladh beo le roinnt blianta agus tá sin le sonrú sa sceideal nua, ina bhfuil cláir faoi leith ar nós ‘Samhain Live’, ‘Fáilte 2019’ oíche chinn bliana, ‘Gradaim an Irish Post’ as Londain,  gan trácht ar an gclúdach cuimsitheach ó Oireachtas na Samhna sna cláir ‘Steip’, ‘Lárstáitse’, ‘Nuacht TG4’ agus go leor eile, ar ardáin éagsúla TG4.

Beidh na cláir ar fad is ansa leis an aos óg ar ais ar Cúla 4, ar nós ‘Whiz sa Chistin’, ‘Dónal Dána’, ‘Spongebob’ agus ‘Masha’, mar aon leis na sraitheanna nua ‘Ár Scéal’, ina dtabharfaidh daltaí ó 52 scoil léargas ealaíonta ar scéalta nuascríofa agus ‘CLUB’, ina dtabharfaidh daoine óga ar thuras muid chuig a gclub CLG, i gcomhluadar pearsana aitheanta spóirt.

Má chuirtear leis sin ar fad an clúdach cuimsitheach ó Nuacht TG4,  sraith spleodrach eile de ‘Ros na Rún’ agus drámaí láidre ar nós ‘Un Bore Mercher/Keeping the Faith’, ‘The West Wing’, scannáin aitheanta agus neart eile, níl aon amhras ach go mbeidh scoth an ábhair ar fáil ar TG4 do chách ar fud na cruinne an fómhar seo.

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont agus é ag fógairt sceideal nua fómhair an stáisiún:

“Aithníonn an pobal iad féin i gcláir TG4. Cláir iad a bhaineann leosan atá bunaithe orthusan. Tuigeann siad go ndéanann TG4 iarracht mór an réimse is leithne clár is féidir, ar an gcaighdeán is airde, a chur ar fáil don phobal sa mbaile agus i gcéin agus sin á dhéanamh trí ‘Súil Eile’ TG4.”

“Is údar bróid dúinn i mbliana na cláir bhreátha siamsaíochta agus na sraitheanna faisnéise cumhachtacha atá againn. Tá muid ag cur lenár soláthar ar na hardáin dhigiteacha an t-am ar fad agus fáil ag daoine ar ábhar TG4 ar fud na cruinne thríd an seinnteoir ag  TG4.ie nó thríd an Aip atá ar fáil mar leagan IOS,  Android nó  SmartTV.  Tá súil againn go mbainfidh níos mó daoine ná riamh sult as na cláir nua seo ar fad sna míonna atá romhainn”.

10 gClár as Sceideal Fómhair TG4 nár cheart a chailleadh:

Hector – Ó Siberia go Saigon  

Cuirfidh Hector Ó hEochagáin tús leis an eachtra is mó fós aige i gcroílár na Sibéire.

Underdogs  

Tá an clár cáiliúil CLG ar ais tar éis deich mbliana agus Paul Galvin, Valerie Mulcahy & Ray Silke ina roghnóirí.

Finné 

Scéalta na ndaoine a bhí i gceartlár scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain.

Gaeil UK 

Léargas ar shaol na n-imirceach Éireannach sa lá atá inniu ann sna háiteanna ar shocraigh siad sa mBreatain.

Rugbaí PRO14 Guinness 

Clúdach eisiach saor go haer ar chomórtas Rugbaí PRO14 Guinness 2018/19.

Cluiche Ceannais Pheil na mBan Beo  

Clúdach eisiach ar chraobhchomórtais Pheil na mBan Beo an 16 Meán Fómhair ar Pháirc an Chrócaigh.

Oireachtas na Gaeilge

Craoladh beo ar feadh cheithre lá ar phríomhfhéile na nGael i gCill Airne.

Samhain Live

Clár beo ceoil & siamsaíochta as cathair Dhoire Oíche Shamhna.

Tradfest  

Scoth an cheoil thraidisiúnta ó fhéile ceoil Tradfest i mBaile Átha Cliath.

C.L.U.B. 

Sraith nua ina dtabharfaidh daoine óga agus a gcuid réaltaí CLG ar cuairt muid chuig a gclub CLG féin.

Is féidir breis eolais a fháil futhu seo agus cláir eile le TG4 ag https://tg4.xtensio.com/co0xwafl

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: