Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le séasúr rugbaí PRO14 Guinness a chraolfar beo ar TG4.

PRO14 ar TG4

29.08.18

Craolfaidh TG4 28 gcluiche beo, ag cur leis an líon clár a craoladh le linn shéasúir roimhe seo, chomh maith le craoladh iarbheo a dhéanamh ar 9 gcluiche eile idir cúigí. Craolfaidh TG4 freisin buaicphointí chluichí an deireadh seachtaine lena chinntiú go mbeidh an t-aicsean is fearr ó shraith Guinness PRO 14 ar fáil do lucht féachana na hÉireann as seo go dtí cluiche ceannais an PRO14 ar Pháirc na gCeilteach i nGlaschú Dé Sathairn an 25 Bealtaine.

Beidh béim ar leith ar chluichí a mbeidh foirne na hÉireann ag imirt iontu agus súil ag Laighin a bheith ar ais chomh láidir céanna arís i ndiaidh dóibh an PRO 14 agus Corn na Seaimpíní a bhuachan anuraidh. Ach beidh foirne eile freisin ann a mbeidh rud acu le cruthú – beidh Connachta ag tosú as an nua faoi stiúir Andy Friend agus tá tréimhse caite ag Johann Van Grann le Mumha roimh an séasúr nua.

Ag an Sportsground i nGaillimh inniu ag seoladh chlúdach TG4 ar an séasúr nua, dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha:

“Tá TG4 an-bhródúil as an gceangal seo atá againn leis an gcomórtas, ceangal atá ann ó 2001.  Táimid ag súil cluichí na sraithe PRO 14 Guinness a thabhairt chuig lucht féachana agus lucht leanúna rugbaí ar fud na hÉireann ar sheirbhís saor go haer sna míonna atá ag teacht le 28 cluiche díobh á gcraoladh beo chomh maith le buaicphointí agus craoladh iarbheo a bheith ann gach seachtain.  Táimid sásta margadh a bheith déanta againn leis an PRO14 ar chearta teilifíse i leith na trí shéasúr atá ag teacht agus táimid ag súil roinnt cluichí iontacha rugbaí a fheiceáil sna míonna atá ag teacht.”

Iris Productions a bheidh i mbun an chraolacháin ar Shéasúr Rugbaí PRO 14 Guinness, arb í i mbliana an chéad bhliain ag an gcomhlacht sin a dhéanamh.   Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar ais ina príomhláithreoir ar na cláracha agus ina teannta beidh painéal saineolaithe rugbaí – Rónán Loughney, Marcus Horan, Eoghan Ó Neachtain, Éamonn Molloy agus Eimear Considine ina measc.

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le séasúr rugbaí PRO14 Guinness le dhá chluiche a chraolfar beo ar TG4. Tabharfaidh Laighin aghaidh ar Cardiff Blues ar Pháirc Cardiff Arms Dé hAoine an 31 Lúnasa ag 19:35. An lá ina dhiaidh sin, Dé Sathairn an 1 Meán Fómhair, imreoidh Connachta sa bhaile in aghaidh Glasgow Warriors ag a 15:00.

Cluiche stairiúil a bheidh i gcluiche ceannais na bliana seo beag beann ar na foirne a bheidh ann mar gurb í an chéad uair í a n-imreofar an cluiche ceannais i Parkhead i nGlaschú, an baile ag cumann sacair na gCeilteach.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcraoladh a dhéanfar ar shéasúr rugbaí na sraithe PRO 14 Guinness téigh chuig www.tg4.ie/ga/sports/rugbai-beo/

Súil ar an gClúdach Rugbaí BEO ar TG4:

11 chluiche baile Connacht Rugby ina measc cluichí i mí Meán Fómhair, ‘Mí na Seaimpíní’, agus cluichí idir cúige Chonnacht lena gcéilí comhraic Mumha, Laighin & Ulaidh

  • Craoladh beo & eisiach ar chluichí Chonnacht ar fad in aghaidh fhoirne na Breataine Bige
  • Cluichí Rugbaí na Mumhan in aghaidh fhoirne na Breataine Bige
  • Cluichí Rugbaí Laighean in aghaidh fhoirne na Breataine Bige

Breis Eolas:

Rónán Ó Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4 – sport@tg4.ie, 087 2472841

Cuir aithne orainn: