Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is gearr uainn an oíche is mó sa bhliain do lucht an cheoil thraidisiúnta agus tá réaltaí stáitse agus teilifíse ag fáil faoi réir le haghaidh a thabhairt ar Bhéal Feirste.

Maithe agus mór uaisle an cheoil thraidisiúnta ag triail ar Bhéal Feirste do Ghradam Ceoil

23.01.18

Ina measc sin a bheidh i láthair ag Gradam Ceoil, gradaim cheoil thraidisiúnta TG4, a bheidh ar siúl i Waterfront Bhéal Feirste  Dé Domhnaigh an 4 Feabhra, 2018 beidh an t-aisteoir clúiteach, Stephen Rea agus Matt Molloy The Chieftains.

Anois agus dlús le séasúr na ngradam, is deis a bheidh i Gradam Ceoil do lucht leanta an cheoil i mBéal Feirste sult a bhaint as an spraoi agus an ríméad a bhaineann le hócáid gradam den chineál seo a chraoladh beo gan trácht ar na taispeántais bheo den chéad scoth a bheidh ann ar an oíche.

Seo í an chéad uair riamh ó bunaíodh an Gradam, bliain is fiche ó shin, a reáchtálfar ceolchoirm Ghradam Ceoil i gCúige Uladh. ‘Gradaim Oscar an cheoil thraidisiúnta’ mar a thugtar orthu, ócáid mhór ag lucht leanta an cheoil ar fud na hÉireann agus níos faide ó bhaile, beidh an ceolchoirm bheo agus searmanas bronnta Ghradam Ceoil TG4 ar siúl sa Waterfront i mBéal Feirste an Domhnach an 4 Feabhra, 2018 agus craolfar beo ar TG4 iad ag 9.30pm.

Agus plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus na n-amhránaithe i láthair, déanann Gradam Ceoil ceiliúradh ar an gcumas atá i gceoltóirí ar fud na hÉireann agus an domhain agus a bhfuil bainte amach acu.  Rachaidh na gradamóirí, ceoltóirí traidisiúnta den chéad scoth, chun stáitse chun píosaí breátha ceoil a chasadh in éineacht le maithe agus mór uaisle eile an cheoil i seó a mbeidh cuimhne go ceann i bhfad air.

Tá ticéid do Ghradam Ceoil 2018 TG4 le fáil ó www.waterfront.co.uk nó ar an nguthán ach glaoch ar 02890334455, ar chostas £25 (ar £22 i gcás lacáiste).

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.gradam.ie  nó nasc le Gradam Ceoil ar Facebook, facebook.com/gradamceoil, Twitter, @GradamCeoil nó déan cuardach ar an haischlib #Gradam.

Tuilleadh…..

Bronnfar seacht ngradam ar fad ar an oíche chomh maith le ceol beo ó:

  • Gradam Ceoil: Frankie Gavin agus a chairde Alec Finn, Colm Murphy & Máirtín O’Connor, baill bhunaidh De Dannan
  • Ceoltóir Óg na Bliana: Clare Friel in éineacht lena deirfiúracha. Arna bhronnadh ag Mairéad Ní Mhaonaigh, Altan
  • Gradam Saoil: Patsy Hanly, arna bhronnadh ag Matt Molloy, The Chieftains agus casfaidh an bheirt ceol ina dhiaidh sin in éineacht.
  • Amhránaí na Bliana: Máire Ní Chéileachair, arna bhronnadh ag Nell Ní Chróinín agus Conchubhar Ó Luasa.
  • Gradam Comaoine: Pádraigín Ní Uallacháin, arna bhronnadh ag Stephen Rea. Casfaidh Pádraigín in éineacht le haíonna, The Voice Squad.
  • Gradam Comharcheoil: CONCERT arna chumadh ag Colin Dunne in éineacht le Sinéad Rushe agus Mel Mercier
  • Gradam Speisialta: The Field Marshal Montgomery Pipe Band

Ar cheann an chomhairimh i measc ghradamóirí na bliana seo beidh Frankie Gavin, an fidléir clúiteach agus ball bunaidh den ghrúpa aitheanta De Dannan ar a mbronnfar Gradam Ceoil na Bliana.

As Gaillimh ó dhúchas, tá ceol casta agus taifeadta ag Frankie ar fud an domhain le leithéid Andy Irvine, The Rolling Stones, Elvis Costello, Stéphane Grappelli, Earl Scruggs agus Sir Yehudi Menuhin. Chas sé féin agus a bhanna ceol do iar-Uachtaráin Mheiriceá –Clinton, Bush agus Obama. In 2010 bhí sé ar an bhfidléir ba ghasta ar an domhan agus áit aige ina leith sin sa Guinness Book of Records.

Beidh baill bhunaidh De Dannan Alec Finn, Colm Murphy & Máirtín O’Connor ar stáitse in éineacht le Frankie i mBéal Feirste áit a bhfuiltear ag súil go mór lena dteacht le chéile arís.

Ar Patsy Hanly as Co. Ros Comáin a bhronnfar an Gradam Saoil, bean a bhfuil ceol casta agus múinte aici ag féiltí ar fud an domhain mhóir.  In ómós di casfaidh Matt Molloy ó The Chieftains in éineacht le Patsy ar an oíche.

Is iad seaimpíní an domhain i Lios na gCearrbhach, The Field Marshal Montgomery Band – ar a mbronnfar an Gradam Speisialta – a thosóidh an seó lena mbeidh  montáis speisialta a tógadh in áiteanna aitheanta ar fud Bhéal Feirste agus ina dhiaidh sin amach san oíche casfaidh siad beo i dtaispeántas spreagúil, fuinniúil.   Meastar iad anois a bheith i mbarr a maitheasa ar bhonn domhanda agus ceol traidisiúnta na hÉireann tugtha ag FMM chuig lucht éisteachta agus leanúna ar fud an domhain agus caighdeán den chéad scoth leagtha síos acu mar ar mian le dreamanna eile anois é a bhaint amach.

Gradamóir eile as an áit í Pádraigín Ní Uallacháin (Gradam Comaoine), amhránaí aitheanta, taighdeoir, file agus cumadóir atá lonnaithe i nDeisceart Ard Mhacha agus is cinnte go dtabharfaí sí taispeántas scáfar ar stáitse in éineacht leis an ngrúpa amhránaíochta, The Voice Squad.  

Is as Glaschú Ceoltóir Óg na Bliana, Clare Friel agus tá sí ag teacht chun cinn mar dhuine de na ceoltóirí óga traidisiúnta is iontaí atá ann i láthair na huaire. Léiriú é cúlra a muintire ar an gceangal agus oidhreacht roinnte idir Tír Chonaill agus Albain ach ag an am céanna tugann a stór amhrán léargas ar stair na himirce agus an trácht cultúir a bhfuil tionchar thar na bearta imeartha aige ar an gceol traidisiúnta anseo in Éirinn.   An t-aoi speisialta Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, ar ar bronnadh Gradam Ceoil roimhe seo, a bhronnfaidh a gradam uirthi. 

Ar cheann de na glórtha is binne i gceol na hÉireann faoi láthair tá an t-amhránaí as Corcaigh, Máire Ní Chéileachair ar a mbonnfar Gradam Amhránaí na Bliana. Múinteoir agus amhránaí den chéad scoth, tá sí ag múineadh amhránaíocht ar an sean-nós ina ceantar dúchais le blianta fada faoin scéim Aisling Gheal.  Ina teannta ar stáitse beidh na hamhránaithe clúiteacha Nell Ní Chróinín agus Conchubhair Ó Luasa.

Agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar ndóigh ar an nGradam Comharcheoil atá le bronnadh ar CONCERT as an obair i gcomhar a rinneadh ar thaifeadadh aitheanta cheol Tommy Pots, The Liffey Banks.

Obair mhisniúil i gcomhar atá i CONCERT faoi stiúir dhuine de na damhsóirí Gaelacha is fearr againn, Colin Dunne. Arna stiúradh ag Sinéad Rushe le ceol ón gcumadóir aitheanta Mel Mercier, tugtar damhsa Colin agus ceol casta Tommy Potts le chéile.   Cé gurb é an cháil a bhí ar an albam seo gur albam fíneálta, goilliúnach ach fuinniúil a bhí ann, mheas go leor nach bhféadfaí damhsa a chur leis de bharr an neamhrialtacht a bhain le rithim an albaim.

Chuir Dunne, Rushe agus Mercier saothar rompu a déarfadh daoine nárbh fhéidir a dhéanamh ach is cinnte, más casta féin é, gur saothar álainn, tuisceanach, measúil agus ardsiamsúil a thoradh.

Tá ticéid do Ghradam Ceoil 2018 TG4 le fáil ó www.waterfront.co.uk nó ar an nguthán ach glaoch ar 02890334455, ar chostas £25 (ar lacáiste £22 ). Téigh chuig www.gradam.ie  chun tuilleadh eolais a fháil nó nasc le Gradam Ceoil ar Facebook, facebook.com/gradamceoil, Twitter, @GradamCeoil nó déan cuardach ar an haischlib #Gradam.

Breis Eolas:

Maidir le tuilleadh eolais do na meáin, agallaimh nó iarraidh a dhéanamh ar chomórtas ticéad déan teagmháil le:

Sinead Doyle/ Niamh Parker / Kirsty Winter, MCE Public Relations. TEIL: 028 9026 7099 / 0791 205 9230

Ríomhphost: Sinead@mcepublicrelations.com / Niamh@mcepublicrelations.com / Kirsty@mcepublicrelations.com