Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá dhá scannán faisnéise de chuid TG4, an craoltóir náisiúnta Gaeilge, roghnaithe mar phríomhscannáin ag Féile Scannánaíocht na hÉireann i mBostún an deireadh seachtaine seo chugainn.

Dhá scannán de chuid TG4 mar phríomhscannáin ag Féile Scannánaíocht na hÉireann i mBostún

22.03.18

‘Noel Hill – Broken Dream (Aisling Ghéar)’, portráid ghéarchúiseach de dhuine de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr aithne in Éirinn agus é ag teacht chuige féin tar éis bualadh agus bascadh trom, agus ‘In the Shadow of the Glen’, ina ríomhtar meath bhaile fearainn in iarthar na hÉireann a bhíodh beo bríomhar tráth agus ina gcíortar ceisteanna níos ginearálta faoi chultúr agus faoi chúrsaí inmharthanachta, na príomhscannáin ag féile na bliana seo a bheidh ar siúl ón 22 go dtí an 25 Márta.

“Is iontach an rud é go bhfuil na scannáin láidre, nua-aimseartha Éireannacha seo á dtaispeáint mar chuid d’Fhéile na Scannán Éireannach” a dúirt Méara Bhostúin Martin J. Walsh. Léiríonn na scannáin seo an caighdeán ard a bhaineann leis an obair atá ar bun ag TG4 agus is léir go bhfuil siad in ann dul i gcomórtas leis an gcuid is fearr ar an stáitse idirnáisiúnta. Táim an-bhródúil go bhfuil na scéalta iontacha seo as Éirinn á gcur faoi bhráid mhuintir Bhostúin agus na cruinne.

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Is ábhar ríméid againn na cláir faisnéise ardchaighdeáin seo a bheith roghnaithe le taispeáint ag ócáid chomh tábhachtach leis an bhféile seo. Tá buntábhacht ag TG4, mar chuid den tionscnamh ‘TG4 Gach Áit’, le caidreamh a cheangal leis an Éireannach cibé áit ina bhfuil sé nó sí agus tá súil againn go gcuirfidh taispeáint na scannán seo leis an dream dílis féachana atá againn cheana féin sna Stáit Aontaithe.”

Cuireadh comhchistíocht ar fáil don dá scannán faisnéise seo as Ciste Fuaime agus Físe Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Deir Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Is cúis áthais don Údarás Craolacháin an dá scannán ardchaighdeáin seo i nGaeilge a bheith á dtaispeáint ag Féile Scannánaíochta Bhostúin. Cé gur scéalta de chuid na linne seo in Éirinn atá á ríomh sa dá scannán faoi leith seo, táthar ag plé freisin le téamaí uileghabhálacha a théann i gcion ar an lucht féachana idirnáisiúnta chomh maith le lucht féachana na nÉireannach.”

San fhadscannán faisnéise, ‘Noel Hill – Broken Dream (Aisling Ghéar)’, arna léiriú ag an gcomhlacht Magamedia atá lonnaithe i nGaillimh, ríomhtar scéal Noel Hill, an ceoltóir iomráiteach consairtín, a shocraigh athrú go ceantar sceirdiúil tuaithe i gConamara lena chlann óg. Sa bhliain 2008, thug tógálaí bualadh trom dó i gceann de thithe ósta an cheantair. Bhí aighneas dlí idir an bheirt roimhe sin. D’fhág an damáiste a rinneadh dá éadan go raibh gá le 10 n-uaire chloig d’obráid máinliachta ach d’fhág an dochar síceolaíochta nach raibh ar a chumas ceol a sheinm agus go raibh an eachtra á taibhreamh arís agus arís eile dó agus é ag fulaingt neamhord struis iarthrámaigh. I scannán faisnéise Phaddy Hayes, feictear Noel ag tabhairt cuntas ar a shaol ó bhlianta tosaigh a chuid ceoil in Iarthar an Chláir anall go dtí an t-am ba mheasa dá shaol tar éis a ionsaithe agus ar aghaidh ina dhiaidh sin gur thosaigh an teacht aniar.

Sa scannán faisnéise ‘In the Shadow of the Glen – Anseo i Lár an Ghleanna’, arna stiúradh agus arna léiriú ag Seán Ó Cualáin, insítear an riocht ina bhfuil baile Loch Con Aortha i gConamara agus bliain de shaol phobal na háite sin in iarthar na hÉireann á chur i láthair. Arna thuiscint dóibh go bhfuil an tseansibhialtacht Ghaelach lena mbainidís imithe i léig, féachann na daoine le saíocht an phobail a chaomhnú nuair a thuigtear dóibh go mb’fhéidir go n-éireodh leo oidhreacht an bhaile a chur ar chaoi a sábhála, fiú mura n-éiríonn leo an baile féin a thabhairt slán.
Tá Féile Scannánaíocht na hÉireann i mBostún ar an bhféile is mó dá leithéid taobh amuigh d’Éirinn féin. Cuirtear deiseanna taispeántais, dáileacháin agus oideachais ar fáil do lucht scannánaíochta ann; déantar ceiliúradh ar a gcuid saothair le gradaim a bhronnadh; agus léirítear scannáin faisnéise faoi scannánaíocht na linne seo in Éirinn. Tá breis eolais ar fáil ar www.irishfilmfestival.com.

Beidh ‘Noel Hill – Aisling Ghéar’ á thaispeáint freisin ar TG4 Dé Céadaoin, an 18 Aibreán ag 9.30 i.n. agus á athchraoladh Dé Domhnaigh, an 29 Aibreán ag 10 i.n.
‘Anseo i Lár an Ghleanna’ le feiceáil anois ar Seinnteoir TG4.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: