Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bhuaigh an clár faisnéise agus drámaíochta, Murdair Mhám Trasna duais do chláracha staire tráthnóna ag Féile na Meán Ceilteach 2018 i Llanelli sa Bhreatain Bheag.

Duais na Staire buaite ag Murdair Mhám Trasna

03.05.18

Fadscannán drámaíochta / faisnéise é Murdair Mhám Trasna ina dtugtar chun cuimhne an dúnmharú brúidiúil a rinneadh ar theaghlach i gceantar iargúlta Mhám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa mbliain 1882. Thuill na heachtraí fuilteacha seo, a tharla i ndorchadas na hoíche, poiblíocht ar fud an domhain ag an am. Ach rinne an triail inar cuireadh an choir in aghaidh roinnt fear ón gceantar brachán iomlán den scéal. Riaradh an triail go hiomlán trí mheán an Bhéarla, teanga nach raibh ag na fir a bhí cúisithe.  Bhí an t-ionchúiseamh bunaithe go hiomlán ar fhianaise bhréige. B’í an bhreith gur daoradh agus gur crochadh daoine go éagórach agus gur gearradh príosúnú saol ar dhaoine neamhchiontacha.  Shínigh Uachtarán na hÉireann Micheal D. Ó hUiginn pardún Mhaolra Seoighe in Áras an Uachtaráin ar an gCéadaoin an 4 Aibreán.

Léiriú le Rosg.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Beidh Féile na bliana seo ar bun i Llanelli sa Bhreatain Bheag. (www.celticmediafestival.co.uk )

Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont ‘Tréaslaím leis an bhfoireann léiriúcháin ar fad as an obair iontach a rinne siad‘ ag rá freisin go “gcuireann sé seo leis an aitheantas atá faighte ag an clár seo ar fud na cruinne agus tá muid thar a bheith sásta leis an duais ónár gcomhghleacaithe sna meáin Cheilteacha.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: