Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sheol an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil,  Denis Naughten TD, an chartlann luachmhar seo ag ócáid in oifigí Údarás Craolacháin na hÉireann i mBaile Átha Cliath inniu.

Cartlann Nuacht TG4 1996-2004 seolta ag an Aire Naughten

25.01.18

Sa gcartlann seo, tá rochtain anois ar bhreis is míle go leith uair an chloig d’ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a léirigh Nuacht RTÉ do TG4 agus a craoladh ar TG4 i mblianta tosaigh na seirbhíse. Tá an t-ábhar seo digitithe lena bhuanú agus catalógú déanta air ar mhaithe le héascaíocht rochtana. Fuair an togra maoiniú ó Scéim Chartlainne an Údaráis Chraolacháin agus cead ó RTÉ.

Is é an comhlacht aitheanta Gaeltachta Europus a rinne an catalógú ar an gcartlann, obair chonartha ó thairiscint phoiblí.  Foireann TG4 féin, le tacaíocht ó RTÉ Archives a dhear an córas don chatalógú, a chóirigh agus a ghlan an t-ábhar ar téip sular haistríodh é go formáid dhigiteach, agus a dhear agus a thóg an tairseach Idirlín ar a bhfuil an t-ábhar ar fáil anois, don úsáideoir ar bonn oideachasúil agus taighde.  www.tg4.ie/cartlann

Tá taisce luachmhar ilghnéitheach ábhair ar fáil sa gCartlann seo, scéalta Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta ó chian is ó chóngar, léirithe go físiúil, agallaimh le híseal agus uasal agus tuairiscí ar ghnéithe iontacha, aisteacha, ghreannmhara agus thubaisteacha de shaol na hÉireann agus na Gaeltachta ach go háirithe. Cuirfidh lucht staire, léinn, seanchais agus oideachais suim sna scéalta seo ón tsúil eile.  Bainfidh foghlaimeoirí Gaeilge leas rialta astu freisin, is cinnte.

Beidh Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag tarraingt ar an ábhar seo mar acmhainn léinn i raon leathan cúrsaí agus modúl atá á soláthar ag an institiúid sin.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: