Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá TG4 agus Taisce Cheol Dúchais Éireann an-sásta comhthionscadal nua a sheoladh: tionscadal a bhain le ceolchoirmeacha, faisnéis agus ábhar taca a léiríodh mar chuid do Ghradam Ceoil (1998-2018) a dhigitiú, a chatalógú agus a chur ar fáil don phobal in Éirinn agus ar fud an domhain ar líne.

Cartlann Ghradam Ceoil TG4 i bpáirt leis ITMA á seoladh ag Scoil Samhraidh Willie Clancy Dé Máirt an 10 Iúil ag 2pm i Sráid na Cathrach

10.07.18

Beidh an tionscadal beo ar líne https://www.tg4.ie/ga/clair/gradam-ceoil/cartlann/ tar éis sheoladh na cartlainne ag Scoil Samhraidh Willie Clancy.

Beidh an ITMA agus TG4 i láthair i Sráid na Cathrach le linn na Scoile Samhraidh le Tob-Chartlann – áit a mbeidh foirne TG4/ITMA ar fáil le ceisteanna a fhreagairt agus treoir a chur ar fáil.

Gradam Ceoil TG4: Tugann Gradam Ceoil TG4 an deis dúinn ómós a thabhairt do laochra ceoil ár linne. Bronntar na Gradaim gach bliain ag ceolchoirm mhór. Is buaicphointe i gclársceideal TG4 ceolchoirm na nGradam.

ITMA: Is taisce thagartha ilmheán agus ionad acmhainne í Taisce Cheol Dúchais Éireann do dhaoine ar spéis leo amhránaíocht, ceol uirlise agus rince dúchais na hÉireann.

https://www.itma.ie

Breis Eolas:

Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Maire.ni.ogain@tg4.ie, 087-2271452

Cuir aithne orainn: