Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá aon ainmniúchán déag faighte ag cláracha agus pearsana de chuid TG4 ar Ghearrliosta na nGradam IFTA 2018.

11 Ainmniúchán ag TG4 do Ghradaim IFTA 2018

10.05.18

I measc na n-ainmniúchán, tá dhá sraith do dhaoine óga.  Is iad sin Is Eolaí Mé – sraith spraíúil eolaíochta á chur i láthair ag Peadar Ó Goill agus Úna Ní Fhlatharta agus Lurgan 2K17 – sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeántar físeáin nua de chuid ‘TG Lurgan’ agus ina gcuirtear aithne ar roinnt de na daltaí ardchumasacha a bhíonn páirteach iontu.

Fuair Éire Fhiáin – An Cósta Thiar ainmniúcháin sa gcatagóir Fíorasach. Sraith speisialta ar fhiadhúlra suntasach na hÉireann á cur i láthair ag Eoin Warner.

Tá dhá ainmniúchán faighte ag Ros na Rún sna catagóirí Sobaldráma & Cláracha Gaeilge. Tá Ros na Rún ar an sobaldráma is daonna agus is dúchasaí ar an teilifís in Éirinn, an t-aon sobalchlár in Éirinn a bhfuil rian na tuaithe air.

TG4XX Beo ainmnithe sa gcatagóir Craoladh Beo. Ceolchoirm speisialta a craoladh beo ó láithreacha éagsúla ar fud na tíre le ceiliúradh a dhéanamh ar scór bliain de TG4. I measc na gceoltóirí bhí Liam Ó Maonlaí, Le Galaxie & Daithí, Banna Mháirtín O’Connor, Sharon Shannon, Duke Special & Ulaid, ProdiJIG, Muireann Nic Amhlaoibh & Aeons.

Ainmniúchán faighte freisin ag Hector Central sa rannóg Fíorasach. Is ar Mheiriceá Láir a bhí a thriall sa tsraith nua, 8 gclár ó Chathair Panama go Cathair Belize agus é ag leanúint bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó.

Tá an t-aisteoir Seán McGinley ainmnithe dá pháirt i Fir Bolg agus tá trí ainmniúchán eile faighte ag cláracha de chuid TG4 sa rannóg Cláracha Gaeilge. Is iad sin Frank O’Connor – Idir Dhá Shruth, Rocky Ros Muc agus Fir Bolg. (Tá liosta iomlán d’ainmniúcháin TG4 do Ghradaim IFTA ar fáil thíos.)

Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóirí éagsúla. Bronnfar na gradaim IFTA féin ag ócáid ghalánta an 31ú Bealtaine i mbliana.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, a gcuid ainmniúchán ar fad le léiriúcháin TG4 atá ar an nGearrliosta IFTA. Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo.  “Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo,” a dúirt sé. “Táimid an bhródúil as an líon ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na faisnéise agus daoine óga.  Is mór an sásamh dúinn gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,”   a dúirt an tArdstiúrthóir.

IFTA 2018  – Ainmniúcháin TG4

Fíorasach

  • Hector Central    (Léiriú de chuid  Good Company Productions)

Sraith faisnéise

  • Éire Fhiáin- An Cósta Thiar (Léiriú de chuid  Crossing the Line)

Sobal dráma

  • Ros na Rún (Léiriú de chuid  EO Teilifís & Tyrone Productions)

Male Performance

  • Sean McGinley, Fir Bolg (Léiriú de chuid  Dearg Films)

Beo chraoladh

  • TG4XX Beo (Léiriú de chuid  Gifted Empire)

Daoine Óga

  • Is Eolaí Mé (Léiriú de chuid  Meangadh Fíbín)
  • Lurgan 2K17 (Léiriú de chuid Iris Productions)

Cláracha Gaeilge

  • Fir Bolg                               (Léiriú de chuid   Dearg Films)
  • Frank O’Connor- Idir Dhá Shruth (Léiriú de chuid  AnimoTV)
  • Rocky Ros Muc                (Léiriú de chuid   Below the Radar)
  • Ros na Rún                         (Léiriú de chuid  EO Teilifís & Tyrone Productions )

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: