Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fáilte 2018 le beochraoladh as Corca Dhuibhne

Tús Spleodrach geallta do Bhliain na Gaeilge

27.11.17

Deimhníodh inniu gur le beochraoladh siamsúil ar TG4 ó Ard a’ Bhóthair i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a chuirfear tús oifigiúil le Bliain na Gaeilge 2018.  D’fhógair TG4 go bhfuil clár beo ceoil, cainte agus pléaráca á chur le chéile aige a bheochraolfar ó Tigh Pháidí Uí Shé ansin ó 11.30pm Oíche Chinn Bhliana go 1.15am ar Lá Caille, túsdáta Bhliain na Gaeilge 2018.

Déanfaidh an clár speisialta seo, a bhfuil Foras na Gaeilge i mbun urraíochta air, athbhreithniú ar imeachtaí na bliana 2017 agus caithfear súil chun cinn ann freisin ar a bhfuil beartaithe ag Conradh na Gaeilge, an ceanneagras atá ceaptha ag Foras na Gaeilge le imeachtaí Bhliain na Gaeilge 2018 a chomhordú.

Beidh ceol is rince, amhráin agus cuimhní cinn agus neart ceiliúrtha ann agus an craoltóir ceolmhar, Pádraig Ó Sé a bhanna Polca 4 agus go leor aíonna speisialta eile ar an ardán le scoth an cheoil agus siamsaíocht spleodrach a sholáthar.

Is é an comhlacht léiriúcháin Aniar a bheidh i mbun an chláir seo, an chomhpháirtíocht nua a bhfuil conradh suntasach ollsoláthair sínithe aige le TG4 le cúpla mí anuas agus oifig aige i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Measann Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur tráthúil ar fad é an beochraoladh seo:  “Agus muid ag fíorthús na bliana ceiliúrtha seo ar an nGaeilge, níl bealach is cuí ag TG4 lena pháirtíocht a léiriú ná le clár fuinniúil beochraolta ceoil agus cainte ó cheartlár na Gaeltachta.  Is mór againn an tacaíocht ón bhForas agus ón gConradh lena chur ar bun ar mheáin éagsúla a fheicfear ar fud na hÉireann agus an domhain mhóir.”

Deir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:   “Tá lúcháir orm go mbeidh tús spleodrach á chur le Bliain na Gaeilge i gceann de na ceantair is stairiúla agus clúití Ghaeltachta sa tír”.

D’fháiltigh Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge roimh an scéala:   “Tabharfaidh an clár deis do na Gaeil in Éirinn agus ar fud na cruinne páirt a ghlacadh san fhéile ón tús. Tá súil agam go spreagfaidh an seó an pobal trí chéile le tabhairt faoin dúshlán chun breis Gaeilge a úsáid in 2018”.

Deir Niamh Ní Bhaoill, Léiritheoir le Aniar go bhfuil siad ag súil go mór leis an mbeochraoladh a sholáthar:  “Is cuí ar fad go mbeadh Bliain na Gaeilge 2018 á tionscnú le seó mar seo ina mbeidh ardán ar fáil ag cultúr beo na Gaeltachta.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4, – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: