Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Thug sraith nuálach eolaíochta a léiríodh do TG4 an Duais léi do Chláracha Páistí ag Féile na Meán Ceilteach 2017 a thosaigh i nDoolish ar Oileán Mhanainn tráthnóna, tionól bliantúil na hearnála closamharc sna náisiúin Cheilteacha. Tá suas le 250 toscaire ó na tíortha éagsúla ag freastal ar an bhFéile, ag a mbíonn seisiúin chomhdhála, ceardlanna agus léachtaí. Bronntar duaiseanna freisin sa gcomórtas aitheanta a eagraíonn an Fhéile do scoth an tsaothair raidió, teilifíse, ar-líne agus scannán.

Is Eolaí Mé chun tosaigh ar chách
ag Féile na Meán Ceilteach 2017

03.05.17

Sraith eolasach shiamsúil do pháistí 8-12 bliain í Is eolaí mé a thugann léargas ar shaol na heolaíochta don aoisghrúpa sin ar bhealach tarraingeach, físiúil, mealltach.  Díríonn gach eagrán ar ghné nó ar théarma eolaíochta ar leith.   Is iad Peadar Ó Goill agus Úna Ní Fhlatharta na láithreoirí agus soláthraíonn siad neart spraoi do na páistí atá leo ag foghlaim faoin eolaíocht le míreanna praiticiúla sa stiúideo, tuairiscí ón láthair agus dreasanna grinn freisin.

Léiriú leis an gcomhlacht aitheanta neamhspleách Gaeltachta Meangadh Fíbín Teoranta í an tsraith agus fuair sí tacaíocht  ó scéim mhaoinithe Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi mheasúnú ó ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús.Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta.Tá Féile na bliana seo, an 38ú ceann ó bunaíodh í  ar bun i nDoolish, Oileán Mhanainn, ó lár an lae inniu go oíche Dé  hAoine.(www.celticmediafestival.co.uk)

Deir Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha TG4, Lís Ní Dhálaigh, gur ábhar mórtais ar leith an duais seo don chainéal agus don léiritheoir.  “Tá na scórtha cainéal teilifíse agus seirbhísí eile siamsaíochta ag freastal ar mhianta agus ar riachtanais fhéachana na hóige” a dúirt sí. “Tá acmhainní go leor agus sparán i bhfad níos mó ag formhór na gcainéal sin ná mar atá ar fáil dúinne agus iad freisin ag craoladh i mBéarla, teanga mhór dhomhanda na meán.  Táimidne in iomaíocht díreach leo sin ar fad agus is mór an t-ardú croí dúinn an duais thábhachtach seo ó chomórtas aitheanta idirnáisiúnta do shaothar bunaidh Gaeilge.”

Is féidir breathnú ar an tsraith ag: www.tg4.ie/cula4

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, PR TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Rónán Ó Coisdealbha, Sports Editor, TG4 – 087 2472841, sport@tg4.ie

Cuir aithne orainn: