Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fine Gael ag seasamh an fhóid ach Lucht Oibre faoi bhrú i nGaillimh Thiar

23.02.16

Fine Gael ag seasamh an fhóid ach Lucht Oibre faoi bhrú i nGaillimh Thiar

SF go tréan san iomaíocht freisin agus sciob-sceab don 5ú suíochán

Léiríonn pobalbhreith nua do TG4 go bhfuil seans maith ag Fine Gael dhá shuíochán Dála a bhuachan i nGaillimh Thiar san Olltoghchán ar an Aoine ach go mbeidh sé an-deacair ag an Lucht Oibre a shuíochán féin a choinneáil. Tugann an suirbhé seo, a rinne an comhlacht aitheanta taighde Ipsos MRBI don chlár Vóta 2016 a craoladh tráthnóna, le fios chomh maith go mbeidh suíochán ag Sinn Féin má éiríonn leis dóthain vótaí aistrithe a mhealladh. Seo na sonraí.

 

Tacaíocht na bPáirtithe i nGaillimh Thiar (Vóta Uimhir 1)

Fine Gael 30%
Fianna Fáil 21%
Sinn Féin 11%
Lucht Oibre 6%
Páirtithe Eile 11%
Neamhspleáigh 21%

 

Tacaíocht na nIarrthóirí i nGaillimh Thiar    (Vóta Uimhir 1)

Éamon Ó Cuív (FF) 13%
Seán Kyne (FG) 13%
John O’Mahony (FG) 11%
Trevor Ó Clochartaigh (SF) 11%
Catherine Connolly (NS) 8%
Noel Grealish (NS) 7%
Hildegarde Naughton (FG) 6%
Derek Nolan (LO) 6%
Niall Ó Tuathail (DS) 6%
Mary Hoade (FF) 4%
John Connolly (FF) 4%
Fidelma Healy Eames (NS) 3%
Nicola Daveron (RN) 2%
Mike Cubbard (NS) 2%
Seamus Sheridan (CG) 2%
Tommy Holohan (A/P) 2%

 

(Beidh ceathrar eile ar an bpáipéar ballóide san Olltoghchán sa Dáilcheantar seo.  1% eatarthu an tacaíocht a tuairiscíodh dóibh sa bpobalbhreith seo).

Tráchtaireacht: Bíonn dian-iomaíocht sa Dáilcheantar 5 suíochán seo i gcónaí.  Is mar sin a bhí in Olltoghchán 2011, tráth a raibh faoi bhun 3,000 vóta idir an seachtar ab airde ar an liosta sa gcéad chomhaireamh.  Anois agus cuid de dheisceart Mhaigh Eo curtha isteach sa Dáilcheantar freisin agus le 20 iarrthóir ar an bpáipéar ballóide, beidh an choimhlint níos géire fós.  Beidh na vótaí aistrithe tábhachtach agus an t-ord ina gcuirtear na hiarrthóirí is ísle as an áireamh cinniúnach dóibh sin atá fanta agus ag brath orthu.

Is dóigh gur ag FF agus FG a bheidh an chéad dá shuíochán.  Tá Seán Kyne (FG) ar dhuine de bheirt ar bharr an liosta is airde tacaíocht (13%).  Beidh seans an-láidir aige-san agus ag an té atá ar chomh-mharc leis, Éamon Ó Cuív (FF) suíocháin a bhaint amach luath go maith sa gcomhaireamh.  Tá de bhuntáiste acu beirt go bhfuil comhghleacaithe páirtí ag seasamh leo ar aon agus ba cheart gur leor a dtacaíocht siúd sin lena suíochán a chinntiú don bheirt.

Cé nach bhfuil dhá chuóta bainte amach ag FG, de réir na pobalbhreithe seo, tá seans láidir ag an bpáirtí ar an dara suíochán agus is é John O’Mahony an té is dóiche a gheobhaidh é.  Tá sé sa dara háit ó thaobh tacaíochta ag FG.  Is i Maigh Eo a bhí sé ina Theachta Dála go dtí seo, agus beidh sé ag tabhairt leis roinnt vótaí ón gcontae chuig an Dáilcheantar seo freisin.  Anuas air sin, tá meas agus gean air mar gurbh é an bainisteoir ar an fhoireann pheile an chontae a thug Craobh na hÉireann ar ais go Gaillimh faoi dhó.  Beidh vótaí  ag teacht chuige freisin óna chomhghleacaí páirtí,  Hildegard Naughton (agus go fiú ó Derek Nolan an Lucht Oibre, sa gcás is go gcuirfí fear an Lucht Oibre as an áireamh).

Tá ag éirí go maith le Trevor Ó Clochartaigh do Shinn Féin agus é ag tógáil ar an dúshraith a leag sé dó féin in Olltoghchán 2011.  Bheifí ag súil go mbeadh seans aige ar an ceathrú suíochán an uair seo, cé nach leor ann féin an  scair 11%  atá aige agus go mbíonn sé doiligh ag SF vótaí aistrithe a mhealladh.

Mar is iondúil i nGaillimh Thiar, beidh sé ina dhian-iomaíocht do na suíocháin dheireanacha agus beidh na Neamhspleáigh Catherine Connolly (8%), Noel Grealish (7%) mar aon le Derek Nolan (LO, 6%) agus Niall Ó Tuathail   (DS 6%) ag troid go láidir go dtí an deireadh.  Is mairg a dhéanfadh an suíochan deireanach a thuar.

Nóta d’eagarthóirí:   Sa mbreis ar cheisteanna faoina vótaí, chuir Ipsos MRBI ceist ar na vótóirí i gGaillimh Thiar faoi n na nithe is mó atá ag déanamh buartha dóibh.   Beidh sonraí fúthu sin á nochtadh anocht freisin ar Vóta 2016.
Máire T Ní Mhadaoin, Vóta 2016 ar an suirbhé seo, ar fáil d’agallaimh ar an bpobalbhreith nua seo sa Dáilcheantar.
Teagmháil: Linda Ní Ghríofa 091 505228   linda.ni.ghriofa@tg4.ie

 

(Nóta ar mhodheolaíocht na phobailbhreithe:    Sampla 515 duine (18+ bliain) a bhí ag an bpobalbhreith seo a rinne an comhlacht Ipsos MRBI do TG4.   Rinneadh na hagallaimh Déardaoin 18 agus Aoine 19 Feabhra i suirbhé atá de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Marketing Society of Ireland agus ESOMAR.  Rinneadh 475 de na hagallaimh le CATI [Computer Aided Telephone Interviewing]. Roghnaíodh na rannpháirithe ó bhunachar sonraí comhdhéanta d’uimhreacha talún agus soghluaiste, bunachar a cruthaíodh le Diallú Randamach Digiteach (Random Digit Dialling).   Rinneadh an 40 agallamh eile aghaidh ar aghaidh ag roinnt pointi samplála sa gcuid nua den Dáilcheantar seo  i Maigh Eo. Bíonn lámháil earráide móide/lúide 4% i gceiste le suirbhí bunaithe ar shampla 500 duine).