Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is é an fidléir siúlach Kevin Burke, a rugadh agus a tógadh i Londain Shasana ach a bhfuil cónaí air le fada anois in Oregon na Stát Aontaithe, a gheobhaidh Gradam Ceoil TG4 2016.  Fógraíodh seo agus an liosta iomlán ghradamóirí na bliana ag seoladh i gCathair Chorcaí tráthnóna. Áirítear an Búrcach ar dhuine de na fidléirí is fearr lena linn agus tá cáil fhorleathan tuillte ag a chuid ceoil aonair agus freisin é mar bhall den Bothy Band agus roimhe sin an Banna Ceoil Glenside agus a cheol beirte le Micheál Ó Domhnaill i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a sheinn sé go minic freisin le ceoltóirí aitheanta ar nós Arlo Guthrie.

Búrcach an Bothy Band ar bharr an liosta do Ghradam Ceoil 2016

18.01.16

Ar na Gradamóirí eile a fógraíodh tá;   ceoltóir feadóige móire as Londain (Ceoltóir Óg);  fear as Tír Eoghain a bhfuil a shaol caite aige ag  cruthú gur uirlis ealaíonta é an giotár don cheol traidisiúnta (Gradam Saoil); eagras a chinntigh gur fás seachas bás a gheobhadh an uirlis is cheoil is seanda ar fad inár gcultúr dúchais (Gradam Comaoine);  fonnadóir sean-nóis a bhfuil oidhreacht a mhuintire maisithe go cumasach aige (Amhránaí na Bliana) agus tionscnamh taighde agus taifeadta atá ag soláthar léargais agus athbheochana ar cheantar cois teorann a raibh a oidhreacht cheoil ligthe i ndearmad, cuid mhaith (Gradam Comharcheoil).    Agus i mbliain stairiúil seo an Chomórtha Céid, tá TG4 ag bronnadh Gradam Ceoil 2016 aon-uaire ar eagras Gaeilge a léirigh misneach agus samhlaíocht lena scannáin chartlainne ar an Éirí Amach agus a thug deis do Sheán Ó Riada a chumas do-sháraithe mar chumadóir/cóiritheoir a léiriú don domhan.

Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil  TG4 Ceoil 2016:

  • Gradam Ceoil      –               Kevin Burke
  • Ceoltóir Óg          –              Órlaith McAuliffe 
  • Gradam Saoil  –              Arty McGlynn
  • Comharcheol       –               Our Dear Dark Mountain with the Sky over it
  • Amhránaí na Bliana –        Pól Ó Ceannabháin 
  • Comaoin                 –              Cairde na Cruite
  • Gradam 1916       –               Gael Linn

(Tá nóta beathaisnéise/cúlra gach duaiseora ar fáil ag www.gradam.ie)

Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí.  Faigheann na gradamóirí ceoil duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll.   Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras in Áras Ceoldráma Chorcaí ar an Domhnach 21 Feabhra, á chur i láthair ag na ceoltóirí/craoltóirí aitheanta Tristan Rosenstock agus Muireann Nic AmhlaoibhBeo-chraolfar an ócáid ar TG4.

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha gur “deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil, i láthair a gcairde féin agus trí mheán agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín.”

Tá Ticéid do Dhuaisbhronnadh/Ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 ar díol, luach €25, ón Áras Ceoldráma – Teileafón 021 4270022.

Breis eolais ar fáil www.gradam.ie  Facebook  nó Twitter @gradamceoil. #GCTG4