Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Teistiméireacht eile do chaighdeán agus d’éagsúlacht TG4 cláir dá chuid a bheith ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim IFTA na bliana seo. Tá cláir de chuid an chainéil Gaeilge ainmnithe do 13 ghradam.

Gearrliosta IFTA 2016 TG4

15.09.16

Tá 3 ainmniúchán faighte ag EIPIC do na gradaim IFTA sna catagóirí Leanaí agus Daoine Óga, Stiúrthóir (Louise Ní Fhiannachta) agus Cláir Ghaeilge. Tá 2 ainmniúchán faighte ag Ros na Rún – príomhshraith drámaíochta an stáisiúin atá 21 bliain ar an bhfód i mbliana agus arb é ceann de na cláir is mó tóir ar TG4 é.

Ainmníodh Bás Nó Saoirse, arna léiriú ag Tile Films, don ghradam don tSraith Faisnéise Is Fearr. Ainmníodh Nuacht TG4 sa chatagóir Nuachta. I measc na gclár a ainmníodh sa chatagóir Cláir Ghaeilge tá; an tsraith drámaíochta a bhfuil gradaim faighte aici, An Klondike; EIPIC – sraith drámaíochta faoi chúigear déagóirí faoin tuath a ghlacann seilbh ar oifig phoist thréigthe chun tús a chur le héirí amach ceoil in 2016; Fleadh TV , an tsraith cheannródaíoch cheoil agus siamsaíochta a léiríonn an chuid is fearr den cheol tíre agus traidisiúnta as Fleadh Cheoil na hÉireann; agus sobalchlár an chainéil, Ros na Rún.

Tá Crainn na hÉireann, sraith clár ina dtéann Manchán Magan timpeall na hÉireann ag aithint na gcrann dúchasach, ainmnithe le haghaidh gradam Sainchlár Fíorasach.

Tá dhá léiriúchán de chuid TG4 ainmnithe le haghaidh gradaim sa chatagóir Fuaime; Hup (Stephen McLoughlin) agus Deoch an Dorais (John Brennan)

Ainmníodh láithreoir TG4, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, le haghaidh gradam IFTA sa chatagóir Réalta Teilifíse Nua Gala.

Tá sonraí beachta ar ainmniúcháin TG4 ar ghearrliosta ghradaim IFTA 2016 le fáil thíos. Is iad na Gradaim IFTA na gradaim is mó le rá sa tionscal scannán agus drámaíochta in Éirinn.

Thréaslaigh an tArdstiúrthóir, Pól Ó Gallchóir, leis na daoine a ainmníodh do ghradaim IFTA na bliana seo sna réimsí léiriúcháin agus scileanna. “Tá ainmniúcháin faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA gach bliain ó tháinig muid ar an aer” a dúirt sé. “Léiriú ar chaighdeán uathúil agus nuálaíoch TG4 a bheith ainmnithe sna catagóirí céanna le roinnt den ábhar teilifíse Béarla is fearr dá bhfuil ann, léiriú a thagann leis an aiseolas rialta a fhaighimid ón lucht féachana agus ó léirmheastóirí”, a dúirt sé.


Ainmnithe do na Gradaim Teilifíse IFTA Gala 2016

  • Sobalchlár
    Ros na Rún (arna léiriú ag Tyrone Productions agus Eo Teilifís)
  • Leanaí agus Daoine Óga
    Eipic (arna léiriú ag Magamedia)
  • Stiúrthóir – Sobalchláir agus Cláir Ghrinn
    Louise Ní Fhiannachta – Eipic (arna léiriú ag Magamedia)
  • Sraith Faisnéise
    Bás nó Saoirse (arna léiriú ag Tile Films)
  • Réalta Teilifíse Nua Gala
    Máire Treasa Ní Dhubhghaill – TG4
  • Nuacht
    Nuacht TG4
  • Sainchlár Fíorasach
    Crainn na hÉireann (arna léiriú ag Abú Media)
  • Cláir Ghaeilge
    An Klondike (arna léiriú ag Abú Media)
    Fleadh TV (arna léiriú ag Paul McKay Productions (NI) Ltd TA Gifted Empire Productions)
    Ros na Rún (arna léiriú ag Tyrone Productions agus Eo Teilifís)
  • Fuaim
    Deoch an Dorais – John Brennan (arna léiriú ag Magamedia)
    Hup – Stephen McLoughlin (arna léiriú ag Redshoe productions)

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877