Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

FleadhTV ar ais arís in 2016 & go leo rudaí nua mar chuid de...

15.06.16

FleadhTV ar ais arís in 2016 & go leo rudaí nua mar chuid de…

Tá sé fógartha ag FleadhTV, buaiteoir ‘An Ócáid Bheo Is Fearr’ ag Gradaim Teilifíse IFTA 2015, go mbeidh sé ar ais ar TG4 an samhradh seo. Craolfar FleadhTV beo ó 8.30pm go 11.30pm ar feadh ceithre oíche ón Déardaoin an 18ú go dtí an Domhnach an 21ú Lúnasa 2016 ar TG4 chomh maith le bheith beo ar tg4.tv agus ar fleadhcheoil.ie.

In Inis a reáchtálfar Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana agus an chuma ar an scéal gurb í an ceann is fearr fós a bheidh ann. Beidh beirt láithreoirí nua i dteannta Lynette Fay agus Cathy Jordan i mbliana, sin iad Mairéad Ní Chuaig as TG4 agus laoch an cheoil as Contae an Chláir, Tóla Custy.

Gné nua i sraith 2016 ná criú ceamara soghluaiste a thabharfaidh cuairt ar bhailte éagsúla i gCo. an Chláir gach oíche – Daonbhaile Bhun Raite, An Tulach, Inis
Díomáin agus Sráid na Cathrach. In óstán Temple Gate in Inis a bheidh príomhláthair na Féile FleadhTV lonnaithe, áit a mbeidh lucht féachana beo 1,500 duine in ann sult a bhaint as an seó beo os a gcomhair amach.

In 2015, bhreathnaigh 1.1 milliún duine ar FleadhTV thar na ceithre oíche a craoladh é ó láthair na bliana seo caite, Sligeach. Tá an-tóir ar an gceol traidisiúnta ar theilifís na hÉireann agus tá TG4 ina gceannródaithe maidir leis.

Beidh Lynette agus Cathy ar ais arís i mbliana agus beidh beirt láithreoirí nua ina dteannta. Tá seanaithne ag lucht féachana TG4 ar Mhairéad Ní Chuaig. Dúirt
Mairéad inniu, “Táim ag freastal ar Fleadh Cheoil na hÉireann ó bhí mé i mo ghasúr. Is ceiliúradh álainn í ar ár dtraisiúin chultúir atá saibhir agus beoga. Tá mé ag súil go mór le hInis, Hup!” Tá áthas an domhain orm a bheith ar dhuine de bhaill foirne FleadhTV 2016, agus sinn ag ceiliúradh an Chomórtha Céad Bliain agus Fiche Bliain ar an bhFód ag TG4.

In éineacht le Mairéad beidh an ceoltóir áitiúil as Contae an Chláir, Tóla Custy. Agus é ag dul isteach ar fhoireann FleadhTV, dúirt Tóla, “Déanfaidh mé iarracht an méid a fheicim ag tarlú i gContae an Chláir an t-am ar fad a chur in iúl ar bhealach nádúrtha do lucht féachana domhanda ar FleadhTV. Táim ar bís lena thaispeáint duit cén fáth gur áit iontach ar fad é seo le bheith i do chónaí ann, ó thaobh cúrsaí sóisialta agus cúrsaí ceoil. Táim ag iarraidh a thaispeáint gur áit álainn, normálta agus spéisiúil í an áit seo.”

Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Proinsias Ní Ghráinne “Is cuid lárnach de chlársceideal an tSamhraidh ar TG4 é FleadhTV. Tá ríméad orainn go bhfuil snáth tábhachtach breise á fhí isteach sa gclúdach sin i mbliana againn agus muid ag taifeadadh ar fud An Chláir ar cheol agus ar cheoltóirí ar fhód a ndúchais féin, léiriú lonrach ar shaibhreas an cheoil agus ar fhuinneamh an traidisiúin ann.

Dúirt Mícheál Ó Riabhaigh, Cathaoirleach choiste feidhmiúcháin na Fleadh, “Tá FleadhTV ar cheann de na forbairtí is fearr agus is nuálaí a rinneadh ar Fleadh
Cheoil na hÉireann le blianta beaga anuas. Tá ríméad orainn go mbeidh ceol, amhráin, damhsa agus scéalta den scoth á gcraoladh againn beo ar an teilifís, ní
hamháin do lucht féachana na tíre seo, ach sruthaithe chuig ár lucht leanúna ar fud an domhain, lucht atá ag éirí níos mó an t-am ar fad.

“Forbraíodh an coincheap An Clár a Roinnt lena chinntiú go dtabharfaí léiriú ar áilleacht nádúrtha agus chultúir an chontae go léir le linn seachtain na Fleadh. Tá
súil againn go mbainfidh lucht féachana FleadhTV, atá comhdhéanta de bhreis is milliún duine, sult agus taitneamh as plúr Inse agus an chuid eile den Chlár le linn Fleadh Cheoil na hÉireann Inis 2016”.

Reáchtálfar Fleadh Cheoil Inis 2016 i gcomhar le hAerfort na Sionainne agus beidh sí ar siúl ón 14ú go dtí an 22ú Lúnasa 2016.

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

Tá Mairéad Ní Chuaig ar dhuine d’fhoireann “An Aimsir Láithreach” ar TG4, áit a mbíonn sí ag obair in éineacht le foireann chruthaitheach agus chumasach. Tá taithí iontach mar láithreoir teilifíse aici agus í ag obair sna meáin chumarsáide le roinnt blianta. Bean mhór eachtraíochta í Mairéad a bhfuil an domhan siúlta aici in éineacht lena cara, Gavin, chun Wwoofáil, sraith taistil a ainmníodh le haghaidh gradam IFTA, a thaifeadadh do TG4. Tá sí díreach théis filleadh ón Astráil.

Is as Tamhnach i gContae an Chláir do Tóla Custy agus níor chónaí sé riamh in aon áit eile, cé go bhfuil an domhan siúlta aige féin níos mó ná uair amháin. Ba
mhúinteoir sa bhunscoil áitiúil a bhí ina athair, Frank, agus spreag sé go leor daoine tabhairt faoin gceol traidisiúnta freisin. Ina measc siúd tá na ceoltóirí James
Cullinane, Siobhan Peoples, Sharon Shannon, agus Tóla é féin. Tá Tóla ag freastal ar an bhFleadh, ina mbíonn an oiread sin daoine a chasann ceol gach uile lá dá saol, ó bhí sé ina leanbh.

“Setting Free” leis an seinnteoir basúcaí Cyril O’Donoghue, an chéad albam a thaifead Tóla, sa bhliain 1993. Ansin chuaigh sé i bpáirt le Muintir Moynihan as
Contae Chorcaí, chomh maith leis an seinnteoir basúcaí Pat Marsh, chun an grúpa “Calico” a chruthú. D’eisigh siad dhá albam, a raibh an-tóir orthu, i 1997 agus i 1999. Ansin thaifead sé albam beo le “The Bowhouse Quintet” (grúpa clasaiceach/traidisiúnta) i 1998. Tháinig comhpháirtíocht cheoil le seinnteoir an chairdín pianó Mirella Murray go luath ina dhiaidh sin agus taifeadadh an t-albam “Three Sunsets” in 2001. Bhí Tóla páirteach i roinnt tionscadal ceoil le seinnteoir an
chairdín pianó Alan Kelly agus a dheartháir John ina dhiaidh sin. Chas sé ar go leor albam agus in go leor ceolchoirmeacha ina dhiaidh sin.

Rinne sé obair agus chuaigh ar camchuairt leis an ngrúpa “Guidewires” le déanaí, ag tógáil a thionchair cheoil chomh fada leis an nGréig, an Macadóin agus an mBulgáir. An bhliain seo caite sheinn sé leis an gceoltóir corraitheach Laoise Kelly. An mhí seo eisíodh “Tradivarious”, i gcomhar leis na fidléirí eile Dezi Donnelly agus Cathal Hayden agus leis na sárcheoltóirí Ed Boyd agus John Joe Kelly. Le linn a ghairme, chas sé ar stáitse le Heidi Talbot, Donogh Hennessy, Grada, Arty Mcglynn agus Eddi Reader. Bhí deis aige in 2010 comhoibriú le seinnteoir an Kora, Solo Cissokho agus leis an ngiotáraí, Gerry O’Beirne, a raibh ceolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta mar bhuaicphointe ar an obair. D’oibrigh Tóla ina mhúinteoir bunscoile ó am go ham agus is breá leis próiseas an cheoil a roinnt agus a fhorbairt le leanaí agus le daoine fásta. Is múinteoir é ar an gcúrsa Ceol Traidisiúnta in Acadamh Domhanda Ceoil agus Damhsa na hÉireann in Ollscoil Luimnigh.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: