Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Klondike ar thóir an óir ar ghearrliosta IFTA 2016

14.03.16

An Klondike ar thóir an óir ar ghearrliosta IFTA 2016

Tá deich n-ainmniúchán cláracha agus ceardaithe atá luaite le TG4 sa nGearrliosta do Ghradaim IFTA 2016  atá díreach fógraithe.     Is don sraithdhráma/scannán An Klondike  naoi  gcinn acu agus is don sraith anamúlacha Tae leis an Marbh an ceann eile. Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóir éagsúla. Foilsítear an gearrliosta ag tús na bliana agus fógraítear agus bronntar na duaiseanna IFTA féin ag ócáid ghalánta. (9 Aibreán i mbliana).

Mór-shraith drámaíochta  (agus fadscannán) é An Klondike ina ríomhtar scéal triúr dearthár as Conamara agus iad i ngleic le saol achrannach na mianadóireachta óir in Alasca céad fiche bliain ó shin.  Tagann na deartháireacha ar ór sa bpaiste talún atá acu féin ach ní fada gur in aighneas le chéile atá siad faoi.

Mór-thogra léiriúcháin agus scannánaíochta ab ea é seo a rinneadh ar an láthair i gConamara, tráth ar tógadh baile Dominion Creek le hais mianach Ghleann Gabhla in aice le hUachtar Ard. Fuair an togra seo maoiniú ó TG4,  cúnamh ón scéim tacaíochta atá i bhfeidhm ag an Rialtas do scannáin agus do dhrámaíocht teilifíse, ó Bhord Scannán na hÉireann, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Is sna duais-rannóga Teilifíse is mó atá ainmniúcháin IFTA faighte ag an saothair: An Dráma is Fearr, Dara Devaney (Aisteoir i bpríomh-pháirt),   Robert O’Mahoney (Aisteoir i ról tacaíochta), Dathaí Keane (Stiúrthóir ar Dhráma), Marcus Fleming (Script Dráma) mar aon le hainmniúcháin Ceirde do Triona Lillis, (Deadh Feistis),  ainmniúchán do Ghruaig agus Smide,  ceann do  Phádraig O’Neil  (Dearadh Léirithe).  Tá aitheantas tugtha ag IFTA freisin don leagan fad scannáin den saothar mar go bhfuair Siobhán O’Kelly  ainmniúchán ann sa rannóg do Aisteoir Mná i ról tacaíochta.

Tae leis an marbh  a fuair an t-ainmniúchán eile do TG4. Saothar anamúlacht é seo ina ndéanann balsamóir atá ag obair i dteach adhlacóra dreas comhrá leis an gcorpán atá amach roimhe – agus cupán deas tae ina ghlaic.  Is é an t-aisteoir aitheanta Frank Kelly, a bhásaigh le fíor-ghairid, an tráchtaire sa leagan Gaeilge. Fuair an togra maoiniú ó TG4 agus ón Údarás Craolacháin.

Tá sonraí iomlána ghearrliosta IFTA 2016 ar fáil ag   http://ifta.ie/awards/nominees_2016/index.html

Thréaslaigh an tArdstiúrthóir,  Pól Ó Gallchóir, a gcuid ainmniúchán ar fad leis na léiriúcháin le TG4 atá ar  ghearrliosta IFTA. Dúirt sé gur cruthúnas eile ar ardchaighdeán leanúnach agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo.  “Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim. Táimid an bhródúil as an uimhir ainmniúchán a fuaireamar arís i mbliana.  Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,”   a dúirt an tArdstiúrthóir.