Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide fógraithe

05.04.16

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide fógraithe

Tá Stiofán Ó Fearail ón mbanna ceoil Seo Linn, craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh agus iriseoir Cathal Mac Coille i measc iad siúd atá ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Fógraíodh gearrliosta na ngradam inniu, 5 Aibreán 2016 agus beidh an searmanas ar siúl in Óstán Bhóthar na Trá, Dé hAoine, 13 Bealtaine 2016. Beidh an craoltóir nuachta RTÉ, Aengus Mac Grianna, ar ais arís ina ról mar Fhear an Tí.

Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus na gradaim seo á mbronnadh. Tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach aon duine atá ainmnithe ar an ngearrliosta” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas don sár-obair in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus is ábhar ríméid dom sár-chumas agus ardchaighdeán na n-aisteoirí, na n-iriseoirí, na láithreoirí agus an lucht déanta clár atá ar ghearrliosta na bliana seo.” a deir sé.

Tá téama 1916 lárnach i ngearrliosta na bliana seo. San áireamh tá 1916: Seachtar Dearmadta de chuid Abú Media, atá reicthe ag Brendan Gleeson, ainmnithe do Shraith Teilifíse na Bliana. Chomh maith leis seo, tá Sheehy Skeffington: Síochánaí de chuid Dearcán Media san iomaíocht i gcomhair Scannán/Clár Teilifíse na Bliana. Insíonn an clár seo scéal faoi dhúnmharú Francis Sheehy Skeffington faoi lámh na trúpaí Sasanacha.

Tá catagóir breise gearrscannánaíochta curtha leis na Gradaim i mbliana agus tá an tOireachtas ag súil go nochtfar foinse shaibhir tallann i measc scannánóirí Gaeilge na tíre sa chatagóir nua seo. Taispeánfar na gearrscannáin seo roimh bhronnadh na ngradam ar an Aoine, 13 Bealtaine in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh.

Tá an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh i lár an aonaigh sna catagóirí raidió i mbliana. Ainmníodh í sa chatagóir Craoltóir Raidió na Bliana agus tá a clár seachtainiúil, Bláthnaid Libh (RTÉ Raidió na Gaeltachta) in iomaíocht do Shraith Raidió na Bliana le Splanc, clár a láithríonn Rónán Ó Muirthile ar Newstalk. Tá an craoltóir Cathal Mac Coille ainmnithe dá cholún rialta do Tuairisc.ie sa chatagóir Iriseoir na Bliana.

Beidh triúr colúnaí a scríobhann don láithreán gréasáin Tuairisc.ie, Cathal Mac Coille, Maitiú Ó Coimín agus Alex Hijmans in iomaíocht lena chéile sa chatagóir Colúnaí/Iriseoir na Bliana in éineacht le Méabh Ní Thuathaláin ó Nós.ie agus Alan Titley ón Irish Times.

I measc na láithreán atá ainmnithe don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr, tá Tuairisc.ie, TG4.ie, Meoneile.ie agus Raidiofailte.com.

Joe Steve Ó Neachtain agus Róisín Ní Chéileachair in iomaíocht i gcomhair teidil Aisteoir na Bliana. Tá ról Pheadair ag Joe Steve i Ros na Rún (EO Teilifís) le fiche bliain anuas agus tá ról Mhóna ag Róisín i gclár nua do TG4, EIPIC le Magamedia. Scéal cúigear déagóirí a chuireann tús le réabhlóid ceoil in oifig an phoist folamh atá sa chlár seo.

Mar is gnáth, roghnófar an fear agus an bhean is galánta faisean ar an oíche agus tar éis an bhronnta beidh ceol le cloisteáil ón mbanna ceoil cáiliúil as Conamara, Cillín

 

CATAGÓIR: TEILIFÍS

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Cuimhní ón mBlascaod                  Praxis Pictures

EIPIC                                         Magamedia

Imeall                                        Redshoe Productions

1916: Seachtar Dearmadta            Abú Media

Folk Aduaidh                               Sonas Productions

SCANNÁN / CLÁR NA BLIANA

Vóta 2016                                  Comh-léiriú de chuid TG4 & Nuacht TG4

I mBéal na Stoirme                      An Idée Originale/Lugh Films/South Wind Blows Productions

An Klondike                                Abú Media

Sheehy Skeffington: Síochánaí        Dearcán Media

Deoch an Dorais                          Magamedia

CRAOLTÓIR NA BLIANA

Páidí Ó Lionáird                          7Lá / Vóta 2016 – TG4

Róisín O’Hara                             Róisín- TG4

Tristan Rosenstock                       Imeall- TG4

Dara Ó Cinnéide                          GAA USA / Seó Spóirt- TG4

Síle Nic Chonaonaigh                             Dúiche- TG4

AISTEOIR NA BLIANA

Róisín Ní Chéileachair                            Móna: EIPIC

Joe Steve Ó Neachtain                  Peadar: Ros na Rún

Seán T. Ó Meallaigh                     Pádraig Connolly: An Klondike

Tara Breathnach                          Máthair: Maidhm

CATAGÓIR: RAIDIÓ

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Liza mo Stór agus Scéalta Eile       RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bláthnaid Libh                                      RTÉ Raidió na Gaeltachta

Splanc                                        Newstalk

Blas                                           BBC Raidió Uladh

CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Bláthnaid Ní Chofaigh                             RTÉ Raidió na Gaeltachta

Rónán Mac Aodha Bhuí                  RTÉ Raidió na Gaeltachta

Miriam Ní Mheachair                             FM 104

Eoghan Ó Néill                            Ráidió Fáilte

Cormac Ó hEadhra                       RTÉ Raidió na Gaeltachta

CATAGÓIR: CLÓ

COLÚNAÍ / IRISEOIR NA BLIANA

Cathal Mac Coille                         Tuairisc.ie

Méabh Ní Thuathaláin                   Nós.ie

Alan Titley                                 Crobhingne, Irish Times

Alex Hijmans                              Tuairisc.ie

Maitiú Ó Coimín                          Tuairisc.ie

LÁITHREÁN GREASÁIN NA BLIANA

www.tuairisc.ie                         Tuairisc.ie

www.tg4.ie                                TG4

www.meoneile.ie                      Below the Radar

www.raidiofailte.com              Raidió Fáilte

RÉALTA ÓG NA BLIANA

Stiofán Ó Fearail                         Seo Linn/Cleas Act TG4

Sinéad Ní Uallacháin                    RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fiona Ní Fhlaithearta                             TG4

Lisa Madden                               Iriseoir/láithreoir Neamhspleách

Micheál Ó Ciaraidh                      Cúla 4

Edel Ní Churraoin                        Raidió Fáilte

 

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Natasha Fennell, Stillwater Communications   T: 01 6770630    R: natasha@stillwater.ie

Helena Mullins , Stillwater Communications           T: 01 6770630      R: helena@stillwater.ie