Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beidh deis ag pobal féachana TG4 ar fud domhain an aimsir sna Déise a fheiceáil feasta. Deimhníodh inniu  go bhfuil sruth leanúnach pictiúir ar fáil ó cheamara breise aimsire atá feistithe anois i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge. Tá a leithéid de sholáthar ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i nGaeltachtaí eile – i nDún Chaoin (Ciarraí), i mBaile na hAbhann (Gaillimh) agus i nGaoth Dobhair (Dún na nGall).

Súil anoir-aneas ag Aimsir Láithreach TG4 ó cheamara nua Déiseach

15.06.15

Cuireadh i bhfearas an ceamara nua sna Déise le deis a thabhairt don phobal  féachana ar fud an domhain léargas a fháil ar an aimsir ansin, réigiúin a bhfuil cáil na gréine air.   Tig le daoine féachaint ar-líne ar an gceamara aon uair i rith an lae ag www.tg4.ie/aimsir  agus bainfear leas go rialta as na pictiúir a sholáthraíonn an ceamara i bhfeasacháin ón Aimsir Láithreach seirbhís aitheanta TG4.

Mar a tharlaíonn,  is as an nGaeltacht sin do dhuine de láithreoirí an fheasacháin sin, Irial Ó Ceallaigh agus is cinnte go mbeidh fonn air-san go bhfeicfí fód a dhúchais go minic ar a chúla féin agus é ag tuar na haimsire ar an teilifís. Tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí (www.tg4.ie/aimsir). Failtítear roimh thuairimí an phobail faoin liosta agus roimh mholtaí do théarmaí agus de nathanna a d’fhéadfaí a chur leis (nó a bhaint as). Tionóladh cruinniú de Bhord TG4 sa Rinn inniu agus ag labhairt dó ansin ina dhiaidh, dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4:  “Is breá linn go raibh ar ár gcumas ceamara aimsire a shuíomh i nGaeltacht na Rinne agus beimid ag súil leis an dea-scéala uaidh go laethúil.  Is deas mar a chum ár sinsir téarmaíocht bheacht Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir” a dúirt sé. “Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn go dtí seo agus an raon canúintí atá  ag ár láithreoirí  aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na teanga.  Nílimid ach ina thús agus fáilteofar roimh théarmaí eile ach iad a sheoladh chugainn.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: