Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Covid-19 tolgtha ag 31,799 duine sa Stát
17 MEÁN FÓMHAR 2020, 15:42
Covid-19: Triúr eile básaithe, 254 cás nua

D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuair triúr eile bás leis an ngalar Covid-19 sa Stát le ceithre huaire fichead agus go bhfuil 254 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 1,788 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 31,799 duine. 

I mBaile Átha Cliath atá 136 den 254 cás nua; tá fiche cás i nDún na nGall; trí chás déag i Lú; dhá chás déag i gCill Mhantáin; naoi gcinn i bPort Láirge; seacht gcinn i gCeatharlach; seacht gcinn i gCorcaigh; sé cinn i nGaillimh; agus cúig cinn an ceann i gCiarraí agus Loch Garman.

Is fir iad 115 den 254 cás nua agus is mná iad 133 díobh.

Dearbhaíodh tráthnóna freisin gur bhásaigh beirt eile de bharr Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 129 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 573 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 8,631 duine ann.