Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Sochraid Keane Mulready-Woods i nDroichead Átha
13 FEABHRA 2020, 15:01
Keane Mulready-Woods adhlactha i nDroichead Átha

Adhlacadh i nDroichead Átha inniu an t-ógánach seacht mbliana déag Keane Mulready-Woods a dúnmharaíodh agus a bhfuarthas píosaí dá chorp in áiteanna i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.

Bhí na céadta i láthair ag Aifreann na sochraide i Séipéal an Teaghlaigh Naofa i nGarrán Bál.

Ina aitheasc, d'iarr an sagart paróiste an tAthair Phil Gaffney go gcuirfí deireadh leis an aighneas idir choirpigh i nDroichead Átha.

Dúirt sé gur údar mór faoisimh do thuismitheoirí Keane, dá dheartháireacha agus dá dheirfiúr go raibh siad ábalta ar deireadh é a adhlacadh. 

Dúirt sé gur gníomh uafásach olc a bhí sa dúnmharú a chothaigh col nach bhfacthas riamh cheana i measc daoine i nDroichead Átha, sa tír ar fad agus thar lear. 

Dúirt sé go raibh Keane mór le drochdhaoine agus mar gheall ar a óige agus a shoineantacht nár thuig sé na himpleachtaí. 

Dúirt an tAthair Gaffney gur foláireamh é sin do dhéagóirí eile a bhfuil coirpigh á mealladh le hairgead agus maoin. 

Cuireadh Keane Mulready-Woods i ndiaidh an Aifrinn i Reilig Chalvaire i nDroichead Átha.