Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Líon na gcásanna den choróinvíreas ag ardú
13 FEABHRA 2020, 11:22
Coróinvíreas á phlé ag Airí Sláinte an Aontais Eorpaigh

Tá Airí Sláinte an Aontais Eorpaigh ag teacht le chéile sa Bhruiséil inniu leis an ráig den choróinvíreas Covid-19 a phlé. 

Tá an cruinniú ar bun agus ardú mór tagtha ar an líon daoine a bhfuil sé tolgtha acu agus atá básaithe dá bharr i réigiún Hubei.

D'athraigh na húdaráis an bealach a gcoinníonn siad cuntas ar an líon daoine atá ag fáil an víris, agus léiríonn na figiúirí is deireanaí gur bhásaigh 242 duine dá bharr in imeacht lae amháin i Hubei agus gur tholg beagnach 15,000 duine eile sa réigiún é.

Tá os cionn 1,300 duine sa tSín trí chéile curtha den saol aige go dtí seo agus tá sé ar 60,000 duine eile.

Tá Páirtí Cumannach na Síne tar éis an príomhoifigeach a bhí acu i Hubei a bhriseadh as a phost, chomh maith le ceannaire an phairtí i gcathair Wuhan, ar an mbonn, is cosúil, go raibh siad mí-éifeachtach.