Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Tuilleadh infheistíochta i gcúram leanaí á éileamh
13 FEABHRA 2020, 10:46
Tuilleadh infheistíochta i gcúram leanaí á éileamh

Tá os cionn 70% de dhaoine fásta na tíre seo ag iarraidh ar an gcéad rialtas eile tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcúram leanaí, de réir thuarascáil bhliantúil na heagraíochta Early Childhood Ireland a foilsíodh inniu.

Deirtear go bhfuil 85% den phobal i bhfabhar aon eagraíocht amháin a bhunú a bheadh freagrach as páistí réamhscoile agus bunscoile.

Faoi láthair, tá an dream a chuireann cúram leanaí ar fáil faoi scáth seacht gcinn d'áisíneachtaí nó ranna rialtais.