Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Brandon Lewis
13 FEABHRA 2020, 18:34
Brandon Lewis ceaptha mar Stát-Rúnaí an Tuaiscirt

Tá Julian Smith briste as a phost mar Stát-Rúnaí an Tuaiscirt ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus tá Brandon Lewis, iarPhríomh-Aoire an Pháirtí an Chaomhaigh, ceaptha ina áit.

Tá atheagar ó bhonn curtha ag Boris Johnson ar a chuid airí rialtais inniu agus go leor pearsana aitheanta briste as a bpoist aige.

204 lá a chaith Julian Smith sa phost ó ceapadh é i mí Iúil seo caite.

Ó shin, cuireadh tús le cainteanna idir na páirtithe sa Tuaisceart a raibh athbhunú an fheidhmeannais i Stormont an mhí seo caite mar thoradh air. 

Tá cinneadh an Phríomh-Aire Johnson Julian Smith a bhriseadh as a phost cáinte ag Sinn Féin agus an SDLP.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil imní uirthi go rachaidh Rialtas na Breataine siar ar gheallúintí a tugadh ó ceapadh Julian Smith.

Dúirt ceannaire an pháirtí sin Colum Eastwood go léiríonn sé an "neamhshuim chontúirteach" atá ag Boris Johnson i ngnóthaí an Tuaiscirt.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach raibh polaiteoir Breataineach chomh maith le Julian Smith riamh ann.

Ghabh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney buíochas le Julian Smith as a chuid oibre agus dúirt sé nach mbeadh rialtas i Stormont anois murach é. 

Deirtear nár réitigh Julian Smith agus Boris Johnson go maith le chéile. 

Agus tá Seansailéir na Breataine Sajid Javid éirithe as a phost tar éis do Boris Johnson iarraidh air fáil réidh lena chuid comhairleoirí ar fad agus glacadh le comhairleoirí nua a bhí molta ag an bPríomh-Aire. 

Dúirt Sajid Javid nach bhféadfadh aon aire rialtais arbh fhiú a léithéid a thabhairt air glacadh le hordú mar sin.