Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Tuilleadh plé inniu ar bhunú rialtais
13 FEABHRA 2020, 14:25
Tuilleadh plé inniu ar bhunú rialtais

Tá cruinniú iarrtha ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar cheannaire Fhianna Fáil Michéal Martin maidir le bunú an chéad rialtas eile.

I litir a scríobh sí aréir chuig Micheál Martin, dúirt Mary Lou McDonald cé go bhfuil difríochtaí móra polasaí idir an dá pháirtí go bhfuil dualgas ar gach ceannaire gníomhú go práinneach.

Tuigtear gur scríobh sí chuig ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar freisin le cuireadh a thabhairt dó bunú rialtais a phlé. 

Tá páirtí parlaiminte Fhianna Fáil tagtha le chéile den chéad uair ón olltoghchán i dTeach Laighean inniu.

Tá siad ag cur agus ag cúiteamh cén fáth nár chruthaigh siad níos fearr agus go bhfuil laghdú sé cinn go dtí 38 ar an líon suíochán atá acu.

Tá siad ag féachaint freisin ar na roghanna atá acu i dtaobh margadh a dhéanamh le cuid de na páirtithe eile. 

Tá Michéal Martin le moltaí a dhéanamh ag an gcruinniú faoin gcaoi a bhféadfadh Fianna Fáil a bheith páirteach i gcomhrialtas.