Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Searmanas sochraide an chraoltóra Keelin Shanley
12 FEABHRA 2020, 14:45
Searmanas sochraide an chraoltóra Keelin Shanley

Bhí na céadta i láthair ag searmanas sochraide an chraoltóra Keelin Shanley i mBaile Átha Cliath inniu.

Bhásaigh Keelin Shanley - iriseoir in RTÉ - Dé Sathairn seo caite. Bhí sí 51 bliain d'aois agus bhí sí tinn le tamall.

Ina aitheasc ag an tsochraid inniu, dúirt a fear céile Conor Ferguson gur duine catharnach agus thar a bheith fiosrach a bhí inti, agus gur thaitin sé go mór léi scéalta a tharraing as daoine. 

Dúirt sé freisin gur duine umhal ab ea Keelin a raibh saol iomlán caite aici.

Keelin Shanley

Bhí an tUacharán Michael D Higgins agus an Taoiseach Leo Varadkar i measc na ndaoine a d'fhreastail ar an searmanas daonnachach i Séipéal Naomh Pól i nGleann na gCaorach.

Bhí cathaoirleach Bhord RTÉ Moya Doherty, Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes, Stiúrthóir Bainistíochta Nuacht agus Cúrsaí Reatha na heagraíochta Jon Williams i láthair chomh maith.