Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
12 FEABHRA 2020, 11:40
Taoiseach ag glacadh leis go mbeidh sé sa fhreasúra

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur chóir do Shinn Féin comhrialtas ilpháirtí a thabhairt le chéile agus clár rialtais sóisialach a dhréachtú. 

Dúirt sé freisin go nglacann sé leis go mbeidh sé sa fhreasúra sa chéad Dáil eile. 

Ag labhairt dó ag fóram airgeadais Eorpach i mBaile Átha Cliath, dúirt Leo Varadkar go bhfuil croitheadh bainte as an gcóras polaitíochta agus go bhfuil athrú curtha ag an olltoghchán air.

Dúirt sé go bhfuil freagracht ar gach ionadaí atá tofa ceannaireacht a léiriú agus seasmhacht a chruthú sa pholaitíocht.