Skip to main content
< back to TG4.ie

Press

TG4 High Definition (HD) now available to Sky customers in Ireland

04.08.16

TG4 High Definition (HD) now available to Sky customers in Ireland

Beidh teacht feasta ag custaiméirí ardghléine Sky ar fud na hÉireann ar TG4 HD.   Dheimhnigh Sky agus an cainéal teilifíse Gaeilge inniu go bhfuil an leagan ardghléine de TG4 ar fáil anois do gach custaiméir de chuid Sky ar oileán na hÉireann a bhfuil síntiús HD aige le Sky.

Tá TG4 ar fáil do gach custaiméir le Sky in Éirinn ó 1998 agus leanfar leis sin gan aon athrú.  Ach deir saineolaithe go bhfuil an leagan HD de phictiúir teilifíse i bhfad níos fearr agus níos gléine ná caighdeán an ghnáth-phictiúir (SD) agus tá gean ar leith ag lucht féachana spóirt, scannán agus faisnéise ar chaighdeán pictiúir HD ar an teilifís.

Cuireann formhór na n-ardán teilifise atá in úsáid fhorleathan in Éirinn anois  (cábla, satailít agus trastíre) rogha HD nó SD ar fáil dá gcuid custaiméirí do chuid de na cainéil is mó éileamh.  Is gá teilifíseán a bhfuil cumas HD aige chun an leagan HD den phictiúir a ghlacadh.  Tá leagan HD de TG4 ar fáil do chustaiméirí cábla UPC/Virgin Media le cúpla bliain anuas.

Meastar go bhfuil síntiús le Sky ag breis is 40% de na teaghlaigh teilifíse ar oileán na  hÉireann faoi láthair.   Is ar chainéal 104 (sa Phoblacht) agus 163 (sna Sé Contae) atá fáil ar TG4 ar Sky, cuma an é an leagan SD nó HD atáthar a ghlacadh.

Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4  gur céim chun cinn thábhachtach í seo don tseirbhís:  “Agus muid ag feistiú do Bhreithlá 20 bliain faoi Shamhain, is deas linn go mbeadh an rogha HD ar fáil d’oiread dár lucht féachana ar fud an oileain agus is féidir.  Bhain go leor oibre le cumas ardghléine a thabhairt don trealamh ar fad i ngach lúb den slabhra fada a bhaineann le ábhar teilifíse – ón gceamara ar an láthair, go dtí an trealamh eagarthóireachta, seachadta agus craolacháin. Agus sin curtha i gcrích, bhí ar ár gcumas fís ar chaighdeán HD a sholáthar do chustaiméirí cábla.  Rinne muid sin le custaiméirí cábla ar dtús agus táimid á dhéanamh anois ar ardán satailíte Sky in Éirinn, an t-ardán seachadta teilifíse is mó a bhfuil custaiméirí aige ar an oileán.   Is í seo an tsúil eile ardghléine feasta.”

More Information:

Linda Ní Ghríofa, TG4
091-505228, linda.ni.ghriofa@tg4.ie

James Elms, Sky Ireland
james.elms@sky.ie

Get to know us…